Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Don Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC), ualaítear torthaí chun léargas cruinn a thabhairt ar dhaonra uile an stáit. Foilsíodh an tuarascáil SILC 2025 – Díothacht Fhorghníomhach i Nollaig 2025, sular críochnaíodh próiseáil na sonraí ioncaim. Rinneadh é seo chun staitisticí ar líonta tí a chur ar fáil ar bhonn níos tráthúla. I ndiaidh próiseáil na sonraí ioncaim agus seiceálacha comhleanúnachais in éadan sonraí riaracháin ó fhoinsí eile, tá beachtú déanta ar na hualaithe do thorthaí SILC 2025. Rinneadh coigeartuithe ach go háirithe ar an bpróiseas neamhfhreagartha agus ar na teorainneacha calabrúcháin. Fágann na hathruithe sin go bhfuil níos lú athraithis ag baint leis na luachanna ualaithe agus, mar gheall air sin, gur meastacháin níos cruinne atá sna torthaí. Táthar tar éis na meastacháin san fhoilseachán SILC 2025 – Díothacht Fhorghníomhach a leasú dá bharr. Chun teacht ar a thuilleadh eolais, féach an nóta eolais [en] ar an ábhar ina ndéantar comparáid idir na torthaí chéadfhoilsithe agus na cinn leasaithe.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.