Is í an bhliain féilire 2024 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2025.
Ráta i mbaol bochtaineachta de 12.6% i Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2025, sin méadú ó 11.7% in 2024 agus an ráta de 10.6% in 2023.
Dá bhfágfaí bearta costais maireachtála ar lár, bheadh ráta i mbaol bochtaineachta de 14.9% in SILC 2025.
In 2025, bhí 4.7% den daonra ag maireachtáil i mbochtaineacht chomhsheasmhach (sin daoine atá i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach), le hais 5.0% in 2024 agus 3.6% in 2023. Bhí an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 7.8% i measc leanaí 0-17 mbliana d’aois in 2025, síos ó 8.5% in 2024.
I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí meánioncam ainmniúil diúscartha de €329 in aghaidh na seachtaine acu, le hais €3,496 in aghaidh na seachtaine do líonta tí sa deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim).
Ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí de €61,666 in SILC 2025, sin méadú €2,744 (+4.7%) le hais SILC 2024. Ag coigeartú don bhoilsciú, feictear méadú 2.4% ar fhíor-ioncam an líon tí in SILC 2025.
Luach 3.9 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2025, méadú 0.1 pointe céatadáin ó 2024. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra beagnach ceithre huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.
Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Dírítear san fhoilseachán seo ar tháscairí bainteach le hioncam. Tá fáil ar thorthaí faoin díothacht fhorghníomhach in eisiúint ar leith, a foilsíodh ar 08 Nollaig 2025, agus foilseofar leasuithe ar na meastacháin san eisiúint sin ar an 11 Márta 2026. Tá na torthaí sin ar fáil san eisiúint SILC Díothacht Forghníomhach 2025.
Bailíodh na sonraí SILC idir mí Eanáir agus mí Iúil 2025. Is í an bhliain féilire 2024 an tréimhse thagartha ioncaim le haghaidh SILC 2025. Áirítear in ollioncam aistrithe sóisialta agus foinsí ioncaim margaidh, amhail fostaíocht, pinsean ceirde, pinsean príobháideach nó ioncam eile. Áirítear in aistrithe sóisialta bearta costais mhaireachtála a tugadh isteach in 2024, amhail creidmheasanna fuinnimh agus íocaíochtaí agus liúntais leasa shóisialaigh mhéadaithe nó bhreise. Leis na bearta ioncaim costais mhaireachtála sin a thug an rialtas isteach chun tionchar diúltach na géarchéime costais mhaireachtála ar ioncaim líonta tí a mhaolú, rinneadh difear do líonta tí ar fud dháileadh iomlán an ioncaim agus go háirithe do líonta tí a bhfuil daoine 65 bliana d’aois nó níos sine iontu.
Ualaítear torthaí an tSuirbhé bhliantúil ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) trí úsáid a bhaint as meastacháin daonra a ghintear ar bhonn leanúnach bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 agus ar fhoinsí faisnéise breise.
Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.
Trácht an Staitisteora
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (11 Márta 2026) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le haghaidh 2025.
Suirbhé a chuirtear ar líonta tí atá sa SILC, ina bpléitear réimse leathan ceisteanna bainteach le hioncam agus dálaí maireachtála. Is é an SILC an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le hioncam an líon tí agus le hioncam aonair. Ina theannta sin, is as an SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Baineann na torthaí san eisiúint seo le sonraí a bailíodh sa chéad seacht mí de 2025 agus ioncam ón mbliain féilire 2024.
Tá torthaí SILC bunaithe ar shamplaí ionadaíocha náisiúnta de líonta tí, agus ualaítear torthaí chun an daonra a léiriú. Mar is amhlaidh le gach suirbhé samplach, is meastacháin staidrimh iad na torthaí seachas tomhas díreach an daonra. Ba cheart athruithe beaga ó bhliain go bliain a léirmhíniú le rabhadh iomchuí, agus tugann treochtaí le himeacht ama léiriú níos iontaofa ar fhorbairtí bunúsacha.
Déanann Darragh Turner, Staitisteoir sa rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu: Léirítear i dtorthaí an lae inniu go raibh méadú ar ioncam an líon tí in SILC 2025 de 4.7% go €61,666, le hais €58,992 in 2024. Nuair a dhéantar coigeartú don bhoilsciú, feictear go raibh méadú de 2.4% sa bhliain ar fhíor-ioncam an líon tí.
Feictear ardú 12.6% ar an sciar daoine i mbaol bochtaineachta in 2025 le hais 11.7% in 2024, agus dá bhfágfaí bearta costais maireachtála, mar shampla creidmheasanna fuinnimh nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa bhreis/méadaithe do líonta tí incháilithe in 2024 ar lár, bheadh an ráta i mbaol bochtaineachta níos airde fós (14.9%).
Tháinig laghdú ar an ráta díothachta forghníomhaí in SILC 2025, agus méadú ar an ráta i mbaol bochtaineachta. Feictear laghdú ar an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí (daoine atá i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach) ag féachaint ar an bhforluí idir na slata tomhais seo. Tugtar aird san fhoilseachán ar rátaí arda ‘i mbaol bochtaineachta’ i measc dreamanna ar leith, sin iad: daoine nach bhfuil in ann oibriú de bharr riocht sláinte fadtéarmach; daoine dífhostaithe; líonta tí aontuismitheora; agus iad siúd i gcóiríocht ar cíos.
Ioncam an líon tí in 2025
Do SILC 2025 (don tréimhse tagartha ioncaim Eanáir go Nollaig 2024) áirítear ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí ag €61,666. Sin méadú €2,744 (+4.7%) le hais figiúr measta na bliana roimhe de €58,922. Ag coigeartú don bhoilsciú, áfach, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €51,624. in SILC 2025. Sin méadú €1,218 (+2.4%) le hais na bliana roimhe. Chun teacht ar ghluais téarmaí in úsáid don tsraith seo, féach Survey on Income and Living Conditions Fact Sheet (PDF 497KB) .
Ar an meán, léiríonn SILC 2025 go bhfuair líonta tí €1,736 (87.7% den ollioncam seachtainiúil) ó fhoinsí ioncaim margaidh, amhail fostaíocht, pinsean ceirde, pinsean príobháideach nó ioncam eile. Ina theannta sin, fuair líonta tí €244 (12.3% den ollioncam) ar an meán ó aistrithe shóisialta (mar shampla, Pinsean Stáit, Sochar Linbh, Sochar Míchumais, Sochar Cuardaitheora Poist). Tar éis cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí, ranníocaíochtaí pinsin agus aistrithe íoctha idir líonta tí, sheas meánioncam diúscartha seachtainiúil an líon tí ag €1,374. Ní mór a thabhairt san áireamh, áfach, go raibh mórán difríochta ó dheicíl go deicíl, sé sin ag dáileadh líonta tí i ndeich chuid leis an oiread céanna líon tí, rangaithe ón ioncam diúscartha is lú go dtí an ceann is mó.
I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí ollioncam seachtainiúil ainmniúil de €363 acu. Áirítear ar seo €102 ar an meán (28.2% den ollioncam) ó ioncam margaidh agus €261 ar an meán (an 71.8% eile den ollioncam) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €329 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.
Nuair a thagann sé chuig an deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €5,787 ar an meán acu, idir €5,665 (97.9%) ó ioncam margaidh agus €122 (2.1%) ar an meán ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €3,496 sa tseachtain, ar an meán, ag líonta tí an deichiú deicíle.
In SILC 2025, ba ionann an t-ioncam indiúscartha coibhéisithe airmheánach agus €31,767, sin méadú €1,771 (5.9%) ón bhliain roimhe. Sheas tairseach riosca na bochtaineachta (.i. 60% den airmheán) ag €19,060 in SILC 2025 le hais €17,998 in SILC 2024.
Méadú de bheagán ar mhíchothromaíocht ioncaim in 2025
Bhí luach 3.9 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2025, méadú 0.1 pointe céatadáin ón bhliain roimhe sin. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra 3.9 huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.
In SILC 2025, bhí comhéifeacht Gini de 27.4%, le hais 26.9% sa bhliain roimhe. Déantar comhionannas ioncaim thairis an dáileadh ioncaim foriomlán a mheas leis an gcomhéifeacht Gini. De réir an slat tomhais seo, b'ionann 0% agus comhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam roinnte go cothrom i measc an iomlán daoine) agus b'ionann 100% agus neamhchomhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam ar fad i seilbh duine amháin).
Ardú ar bhaol bochtaineachta in 2025
In SILC 2025, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 12.6% ann, le hais 11.7% in 2024, 10.6% in 2023, 12.5% in 2022, agus 11.8% in 2021.
Ag breathnú ar chúinsí ar nós stádas fostaíochta, comhdhéanamh líon tí agus stádas tionachta, feictear mórán difríochtaí suntasacha.
Stádas fostaíochta féintuairiscithe: Bhí 29.3% dóibh siúd atá dífhostaithe agus 28.4% de dhaoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh i mbaol bochtaineachta de réir torthaí SILC 2025. Lena hais sin, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 5.7% i measc daoine a dúirt go raibh siad fostaithe.
Comhdhéanamh líon tí: Bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' níos airde i measc líonta tí le duine fásta amháin 65 bliana agus níos sine (30.3%), agus i ndiaidh sin, líonta tí le duine fásta amháin 64 bliana agus níos óige (20.0%). Taifeadadh an ráta is lú a bheith ag daoine le cónaí i líon tí ina raibh beirt duine fásta ann, an bheirt acu níos óige ná 65 bliana d’aois (5.2%).
Stádas Tionachta: Tá baol bochtaineachta níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó chíos ag 24.2% le hais dóibh siúd atá ina gcónaí i gcóiríocht úinéir-áitithe (7.4%).
Ráta bochtaineachta comhsheasmhaí níos airde i measc daoine le fadhbanna sláinte fadtéarmacha
Sainítear daoine a bheith i mbochtaineacht chomhsheasmhach má tá siad i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach. In SILC 2025, bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 4.7% ann, le hais 5.0% in 2024 agus 3.6% in 2023.
Ag déanamh cíoradh de réir stádas fostaíochta féintuairiscithe, feictear gur daoine a bhí dífhostaithe (18.1%) agus ag daoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (13.9%) a bhí na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí is mó. Taifeadadh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ba lú a bheith ag daoine i bhfostaíocht (1.5%) agus daoine ar scor (3.0%).
Léirítear anailís de réir aoisghrúpa go raibh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí is airde i measc páistí 0-17 mbliana d’aois (7.8%) agus daoine 35-49 mbliana d’aois (4.7%), agus an ráta is lú i measc daoine 65 bliana d’aois agus níos sine agus daoine 18-34 bliana d’aois (3.4%).
Ag breathnú ar stádas tionachta, feictear ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 12.2% ag daoine i gcóiríocht ar cíos, le hais 1.4% de dhaoine i gcóiríocht úinéir-áitithe.
Tionchar na mBeart Ioncaim Costas Maireachtála
Gan na bearta costas maireachtála, bheadh ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 14.9% in SILC 2025 (ag úsáid an gnáth-shlat tomhais do 'i mbaol bochtaineachta' de €19,060) le hais ráta de 12.6% nuair atá na bearta seo (mar shampla creidmheasanna fuinnimh nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh sa bhreis) san áireamh.
Léiríonn anailís ar thionchar na mbeart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú de réir aoisghrúpa gur ar dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine a bhí an tionchar is mó. Laghdaigh na bearta costas maireachtála an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine san aoisghrúpa seo ó 20.7% go 14.8%. Bhí an tionchar is lú ag na beart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú ag dóibh siúd 18-34 bliana d’aois. Gan na bearta costais mhaireachtála, bheadh an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine 18-34 bliana d’aois ag 10.0% agus na bearta costais mhaireachtála san áireamh, bhí an ráta bochtaineachta ag 9.3%.