Ráta i mbaol bochtaineachta de 11.7% i Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2024, sin méadú ó 10.6% in 2023 agus faoi bhun an ráta de 12.5% in 2022.
Dá bhfágfaí bearta costais maireachtála ar lár, bheadh ráta i mbaol bochtaineachta de 14.1% in SILC 2024.
In 2024, bhí 5.0% den daonra ag maireachtáil i mbochtaineacht chomhsheasmhach (sin daoine atá i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach), le hais 3.6% in 2023 agus 4.9% in 2022.
Ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí de €58,922 in SILC 2024, sin méadú € 3,773 (+6.8) le hais SILC 2023.
I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí meánioncam ainmniúil diúscartha de €309 in aghaidh na seachtaine acu, le hais €3,257 in aghaidh na seachtaine do líonta tí sa deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim).
Luach 3.8 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2024, gan athrú ó 2023. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra ceithre huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.
Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an fhoinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Dírítear san fhoilseachán seo ar tháscairí bainteach le hioncam. Tá fáil ar thorthaí faoin díothacht fhorghníomhach i bhfoilseachán ar leith, a foilsíodh ar 11 Márta 2025, agus atá ar fáil san eisiúint SILC Díothacht Forghníomhach 2024.
Bailíodh na sonraí SILC idir mí Eanáir agus mí Iúil 2024. Is í an bhliain féilire 2023 an tréimhse thagartha ioncaim le haghaidh SILC 2024. Ualaítear torthaí an tSuirbhé bhliantúil ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) trí úsáid a bhaint as meastacháin daonra a ghintear ar bhonn leanúnach bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 agus ar fhoinsí faisnéise breise
Sliocht atá sa leagan Gaeilge seo, tógtha ó fhoilseachán níos mó
Trácht an Staitisteora
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí inniu (20 Márta 2025) ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le haghaidh 2024.
Suirbhé a chuirtear ar líonta tí atá sa SILC, ina bpléitear réimse leathan ceisteanna bainteach le hioncam agus dálaí maireachtála. Is é an SILC an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le hioncam an líon tí agus le hioncam aonair. Ina theannta sin, is as an SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Is í an bhliain féilire 2023 an tréimhse tagartha do tháscairí ioncaim amháin in SILC 2024.
Déanann Brian Cahill, Staitisteoir sa rannóg Ioncaim, Tomhaltais agus Maoine, trácht ar fhoilseachán an lae inniu: Léirítear i dtorthaí an lae inniu go raibh méadú ar ioncam an líon tí in SILC 2024 le hais na bliana roimhe. Nuair a dhéantar coigeartú don bhoilsciú, feictear go raibh méadú sa bhliain ar fhíor-ioncam an líon tí, ach ní a oiread céanna.
Feictear ardú ar an sciar daoine i mbaol bochtaineachta in 2024 le hais 2023, agus dá bhfágfaí bearta costais maireachtála ar lár, bheadh an ráta i mbaol bochtaineachta níos airde fós.
Tháinig laghdú ar an ráta díothachta forghníomhaí in 2024, agus méadú ar an ráta i mbaol bochtaineachta. Feictear ardú ar an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí (daoine atá i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach) ag féachaint ar an bhforluí idir na slata tomhais seo.
Tugtar aird san fhoilseachán ar rátaí arda ‘i mbaol bochtaineachta’ i measc dreamanna ar leith, sin iad: daoine nach bhfuil in ann oibriú de bharr riocht sláinte fadtéarmach; daoine dífhostaithe; líonta tí aontuismitheora; agus iad siúd i gcóiríocht ar cíos.
Ioncam an líon tí in 2024
Do SILC 2024 (don tréimhse tagartha ioncaim Eanáir go Nollaig 2023) áirítear ioncam ainmniúil airmheánach diúscartha an líon tí ag €58,922. Sin méadú €3,773 (+6.8%) le hais figiúr na bliana roimhe de €55,149. Ag coigeartú don bhoilsciú le 2019 mar bhonnbhliain, áfach, meastar go raibh fíor-ioncam airmheánach diúscartha an líon tí de €50,406 in SILC 2024. Sin méadú €244 (+0.5%) le hais na bliana roimhe. Chun teacht ar ghluais téarmaí in úsáid don tsraith seo, féach Survey on Income and Living Conditions Fact Sheet (PDF 497KB) .
Ar an meán, léiríonn SILC 2024 go bhfuair líonta tí €1,664 (88.0% den ollioncam seachtainiúil) ó fhoinsí ioncaim margaidh, amhail fostaíocht, pinsean ceirde, pinsean príobháideach nó ioncam eile. Ina theannta sin, fuair líonta tí €227 (12.0% den ollioncam) ar an meán ó aistrithe shóisialta (mar shampla, Pinsean Stáit, Sochar Linbh, Sochar Míchumais, Sochar Cuardaitheora Poist). Tar éis cánacha, ranníocaíochtaí árachais shóisialaí, ranníocaíochtaí pinsin agus aistrithe íoctha idir líonta tí, sheas meánioncam diúscartha seachtainiúil an líon tí ag €1,301. Ní mór a thabhairt san áireamh, áfach, go raibh mórán difríochta ó dheicíl go deicíl, sé sin ag dáileadh líonta tí i ndeich chuid leis an oiread céanna líon tí, rangaithe ón ioncam diúscartha is lú go dtí an ceann is mó.
I gcás an chéad deicíle (.i. an sciar 10% de líonta tí leis an ioncam diúscartha is lú), bhí ollioncam seachtainiúil ainmniúil de €325 acu. Áirítear ar seo €64 ar an meán (19.5% den ollioncam) ó ioncam margaidh agus €262 ar an meán (an 80.5% eile den ollioncam) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €309 sa tseachtain, ar an meán, ag na líonta tí seo.
Nuair a thagann sé chuig an deichiú deicíle (.i. an dream is mó ioncaim), bhí ollioncam ainmniúil de €5,557 ar an meán acu, idir €5,416 (97.5%) ó ioncam margaidh agus €141 (2.5%) ar an meán ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí ioncam diúscartha de €3,257 sa tseachtain, ar an meán, ag líonta tí an deichiú deicíle.
3.8 oiread níos mó ioncam ag an 20% is saibhre le hais an 20% is boichte
Bhí luach 3.8 leis an gcóimheas coda cúigile in SILC 2024, gan athrú ón bhliain roimhe sin. Ciallaíonn sé seo go raibh ioncam an chúigiú chuid is saibhre den daonra 3.8 huaire chomh mór le hioncam an chúigiú chuid is boichte.
Déantar comhionannas ioncaim thairis an dáileadh ioncaim foriomlán a mheas leis an gcomhéifeacht Gini. De réir an slat tomhais seo, b'ionann 0% agus comhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam roinnte go cothrom i measc an iomlán daoine) agus b'ionann 100% agus neamhchomhionannas foirfe (.i. go raibh an t-ioncam ar fad i seilbh duine amháin). In SILC 2024, bhí comhéifeacht Gini de 26.9%, le hais 27.5% sa bhliain roimhe.
Ardú ar bhaol bochtaineachta in 2024
In SILC 2024, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 11.7% ann, le hais 10.6% in 2023, 12.5% in 2022, agus 11.8% in 2021.
Ag breathnú ar chúinsí ar nós stádas fostaíochta, comhdhéanamh líon tí agus stádas tionachta, feictear mórán difríochtaí suntasacha.
Stádas fostaíochta féintuairiscithe: 34.1% dóibh siúd atá dífhostaithe agus 32.5% de dhaoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh i mbaol bochtaineachta de réir torthaí SILC 2024. Lena hais sin, bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 5.4% i measc daoine a dúirt go raibh siad fostaithe.
Comhdhéanamh líon tí: Bhí ráta 'i mbaol bochtaineachta' níos airde i measc líonta tí le duine fásta amháin 65 bliana agus níos sine (25.9%), agus i ndiaidh sin, líonta tí le duine fásta amháin le páistí faoi 18 mbliana d’aois (24.2%). Taifeadadh an ráta is lú a bheith ag daoine le cónaí i líon tí ina raibh beirt duine fásta ann (an bheirt acu níos óige ná 65 (5.0%).
Stádas Tionachta: Tá baol bochtaineachta níos mó i measc daoine a mhaireann i gcóiríocht ar cíos/saor ó cíos ag 21.8% le hais dóibh siúd atá ina gcónaí i gcóiríocht úinéir-áitithe (7.3%).
Ráta bochtaineachta comhsheasmhaí níos airde i measc daoine le fadhbanna sláinte fadtéarmacha
Sainítear daoine a bheith i mbochtaineacht chomhsheasmhach má tá siad i mbaol bochtaineachta agus i ndíothacht fhorghníomhach. In SILC 2024, bhí ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 5.0% ann, le hais 3.6% in 2023 agus 4.9% in 2022.
Ag déanamh cíoradh de réir stádas fostaíochta féintuairiscithe, feictear gur ag daoine nach raibh in ann oibriú de bharr reachta sláinte fhadtéarmaigh (19.0%) agus daoine a bhí dífhostaithe (18.9%) a bhí na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí is mó. Taifeadadh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí ba lú a bheith ag daoine i bhfostaíocht (1.7%) agus daoine ar scor (1.9%).
Léirítear anailís de réir aoisghrúpa go raibh an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí is airde i measc páistí 0-17 mbliana d’aois (8.5%) agus daoine 35-49 mbliana d’aois (4.9%), agus an ráta is lú i measc daoine 65 bliana d’aois agus níos sine (2.0%).
Ag breathnú ar stádas tionachta, feictear ráta bochtaineachta comhsheasmhaí de 12.5% ag daoine i gcóiríocht ar cíos, le hais 1.7% de dhaoine i gcóiríocht úinéir-áitithe.
Tionchar na mBeart Ioncaim Costas Maireachtála
Gan na bearta costas maireachtála, bheadh ráta 'i mbaol bochtaineachta' de 14.1% in SILC 2024 (ag úsáid an gnáth-shlat tomhais do 'i mbaol bochtaineachta' de €17,998) le hais ráta de 11.7% nuair atá na bearta seo san áireamh.
Léiríonn anailís ar thionchar na mbeart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú de réir aoisghrúpa gur ar dhaoine 65 bliana d’aois agus níos sine a bhí an tionchar is mó. Laghdaigh na bearta costas maireachtála an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine san aoisghrúpa seo ó 21.1% go 13.3%. Bhí an tionchar is lú ag na beart costais mhaireachtála ar rátaí i mbaol bochtaineachta a laghdú ag dóibh siúd 18-34 bliana d’aois. Gan na bearta costais mhaireachtála, bheadh an ráta i mbaol bochtaineachta do dhaoine 18-34 bliana d’aois ag 9.5% agus na bearta costais mhaireachtála san áireamh, bhí an ráta bochtaineachta ag 8.8%.
Ualaítear torthaí an tSuirbhé bhliantúil ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) trí úsáid a bhaint as meastacháin daonra a ghintear ar bhonn leanúnach bunaithe ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 agus ar fhoinsí faisnéise breise.