
Rían is ea an t-ainm buachalla is mó tóir in Éirinn in 2025, agus Lily ar an ainm cailín is mó tóir. Is é seo an chéad uair ó thús na sraithe in 1964 a bhfuil Rían sa chéad áit i measc na mbuachaillí. Bhí sé i measc an 5 ainm buachalla ba mhó tóir den chéad uair in 2021. Bhí Jack sa chéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Léim Lily ón 6ú háit in 2024 go barr an liosta in 2025. Roimh 2025, bhí Sophie ar an ainm cailín ba mhó tóir in 2024, agus í i measc an 5 ainm cailín is mó tóir ó 2009. Tá Éabha fós sa 2ú háit, mar a bhí in 2024, ag ardú ón 8ú áit in 2023. Tháinig Sadie i measc an 5 ainm cailín is mó tóir den chéad uair in 2025.


Ta Rían ar an ainm buachalla is mó tóir in 2025, agus é i measc an 5 ainm buachalla is mó tóir ó 2021. Bhí Jack sa chéad áit ar feadh 8 mbliana as a chéile, ach tá sé tar éis tite siar go dtí an 2ú háit in 2025. Thit Noah siar ón 2ú háit in 2024 go dtí an 3ú háit in 2025, ach tá an-tóir air go fóill, agus é i measc an 10 ainm ba mhó tóir ó 2013 i leith. D’ardaigh James áit amháin go dtí an 4ú háit in 2025, agus é i measc an 10 ainm buachalla is mó tóir ó thús na sraithe in 1964. Tá ardú 4 háit tar éis teacht ar Oisín, atá sa 5ú háit ar an liosta in 2025, agus é i measc an 10 ainm buachalla is mó tóir ó 2022.
Tá Lily ar an ainm cailín is mó tóir in 2025, ag ardú ón 6ú háit in 2024 go dtí an chéad áit in 2025, an chéad uair a bhfuil sí ar bharr an liosta. Tá Éabha sa 2ú háit go fóill in 2025. Cé go raibh Fiadh sa 5ú háit in 2024, tá sí tar éis dul chun cinn a dhéanamh, agus an 3ú háit bainte amach aici in 2025. Tá Sophie tar éis tite siar ón chéad áit in 2024 go dtí an 6ú háit in 2025. Is í Grace an 4ú ainm cailín is mó tóir in 2025, tar éis tite siar ón 3ú háit in 2024. Tá Grace i measc an 10 ainm cailín is mó tóir ó 2006. Tá an 5ú háit bainte amach ag Sadie in 2025, an chéad uair a bhfuil an t-ainm sin i measc an 5 ainm cailín is mó tóir.
Bhí 6 iontráil as an nua i measc an 100 ainm buachalla is mó tóir: Levi, Dáire, Naoise, Conall, Elijah agus Teidí. Bhí an t-ardú tóra ba mhó i measc na mbuachaillí tagtha ar Naoise, ag ardú ón 162ú háit in 2024 go dtí an 88ú háit in 2025.
Bhí 6 iontráil as an nua i measc an 100 ainm cailín is mó tóir: Ríadh, Gracie, Mabel, Arabella, Nancy agus Raya. Bhí an t-ardú tóra ba mhó i measc na gcailíní tagtha ar Raya, ag léim 114 áit i mbliana, ón 213ú háit in 2024 go dtí an 99ú háit in 2025.
Tá éagsúlacht níos leithne sna hainmneacha atá cláraithe do chailíní, le 5,488 ainm cailín in 2025 i gcomparáid le 4,848 do bhuachaillí.
Ainm amháin ón 5 ainm buachalla is mó tóir ag barr an liosta ag an gcuid is mó den tír

Rían ar an ainm is mó tóir sa Stát in 2025, agus é ag barr liosta na mbuachaillí ag dhá cheann den cheithre chúige. Bhí Jack sa 2ú háit in 2025, agus é sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 10 gceantar, Cathair agus Contae Luimnigh, Cill Chainnigh, An Lú agus Laois ina measc. Bhí roghanna lasmuigh den 5 ainm buachalla is mó tóir le feiceáil i gceantair éagsúla. Cé go raibh Liam sa 7ú háit go náisiúnta, bhí sé ar an rogha is mó tóir i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Cill Dara. Bhí Fionn ag barr an liosta san Iarmhí, ach bhí sé sa 6ú háit go náisiúnta.
Lily ar an ainm cailín is mó tóir i 6 cheantar, An Mhí, Cill Mhantáin agus Cathair Chorcaí ina measc. Bhí Éabha sa 2ú háit go náisiúnta, ach ar an ainm cailín is mó tóir i gCúige Mumhan. Feictear Grace sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 8 gcontae. Bhí ainmneacha lasmuigh den 5 ainm cailín is mó tóir le feiceáil i gceantair éagsúla. Bhí Croía ag barr an liosta i measc na gcailíní i gCiarraí, ach sa 9ú háit go náisiúnta. Bhí Hannah sa chéad áit i Laois, ach ar an 21ú ar bhonn náisiúnta.
Ó thaobh ainmneacha níos annaimhe de, nach raibh sa 100 ainm cailín is mó tóir in 2025, bhí Éilis, Breda, Esmée, Linda, Rihanna, Ellen agus Una ina measc.
Tugadh Elio, Séadhna, Óigí, Lughán, Vinny, Ocean, Adonis, agus Abram ar líon beag buachaillí in 2025.
Bhí Rían ar an ainm buachalla ba mhó tóir sa chás gurbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoirí. Sa chás go raibh an bheirt thuismitheoirí ón AE14 (seachas Éire) ba é Liam an t-ainm buachalla ba choitianta. Bhí David ar an rogha ba choitianta ag tuismitheoirí ón AE15 go AE27. Sa chás arbh as lasmuigh den AE agus an Ríocht Aontaithe iad an bheirt thuismitheoirí, ba é Muhammad an t-ainm buachalla ba choitianta.
Bhí Éabha ar an ainm cailín ba mhó tóir sa chás gurbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoirí. Bhí Olivia sa chéad áit i measc tuismitheoirí ón AE14 (seachas Éire), agus sa chéad áit chomh maith i measc tuismitheoirí ón AE15 go AE27. Bhí Hannah ar an ainm ba mhó tóir i measc tuismitheoirí arbh as lasmuigh den AE agus an Ríocht Aontaithe iad. Feictear Florence sa chéad ait i measc tuismitheoirí ón Ríocht Aontaithe.

Ó 2023, tá leathnú déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar anailís sloinnte chun miondealú níos doimhne a dhéanamh ar na sloinnte is coitianta ar leanaí. Ba iad Murphy, Kelly, O'Brien, Walsh agus Byrne na sloinnte ba choitianta do leanaí a rugadh in 2025. As 54,120 beobhreith in 2025, bhí 21,154 sloinne uathúla. Ba ionann an 10 sloinne ba choitianta agus 6.3% (nó 3,403) den 54,120 beobhreith in 2025. Ba iad an 3 sloinne ba choitianta do leanaí ná Murphy ag 557 (1.0%), Kelly ag 455 (0.8%), agus O'Brien ag 354 (0.7%).

Cé gurb é John an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1975, feictear é sa 29ú háit 50 bliain ar aghaidh in 2025. Ba iad an 5 ainm buachalla ba mhó tóir in 1975 ná John, Michael, David, Patrick, agus Paul. An t-aon ainm amháin ón 10 ainm ba mhó tóir in 1975 a bhí ann go fóill in 2025 ná James.
Olivia an t-aon ainm cailín amháin sa 10 n-ainm cailín is mó tóir in 1975 agus 2025 araon.
Ba í Mary an t-ainm cailín ba mhó tóir in 1975. In 2025, tháinig Mary sa 112ú háit i measc na gcailíní, ag tite siar ón 100 ainm ba mhó tóir den 4ú huair ó thús na sraithe in 1964. Ba í Olivia an t-aon ainm cailín amháin sa 10 ainm cailín ba mhó tóir in 1975 agus 2025 araon, agus í sa 4ú háit in 1975, agus san 8ú háit in 2025.
In 2024, (an bhliain is déanaí óna bhfuil sonraí ar fáil) bhí Muhammad ar an ainm buachalla ba mhó tóir i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus Olivia ar an ainm cailín ba mhó tóir. Bhí James ar bharr an liosta do bhuachaillí i dTuaisceart Éireann agus Grace sa chéad áit i measc na gcailíní. Ba iad na hainmneacha ba mhó tóir in Albain in 2024 ná Noah agus Olivia.
Bhí foilsiú shonraí ar Ainmneacha Leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu.
Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.
Ciallaíonn sé seo ar fad go n-áirítear leanaí leis an túsainm Seán astu féin ó 2018 ar aghaidh, mar sin, tá Seán sa 23ú háit in 2025, agus leanaí leis an túsainm Sean (gan síneadh fada) faoi iontráil eile, sa 141ú háit in 2025. Áirítear leanaí leis an dá litriú le chéile faoin iontráil 'Sean' do na blianta 1964-2017.
Tuilleadh eolais le fáil san fhoilseachán iomlán [I mBéarla].
Seiceáil úsáid ainm ar leith thar na mblianta
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.