Rían is ea an t-ainm buachalla is coitianta in 2025, an chéad uair go bhfuil an áit seo bainte amach aige ó thús na sraithe in 1964. Is é seo an chéad uair ó 2016 nach bhfuil Jack ar an ainm buachalla is mó tóir.
Lily ar an ainm cailín is mó tóir in 2025, agus Sophie tite siar ón chéad áit a bhí aici in 2024 go dtí an séú háit in 2025, i dteannta Emily.
Is é Murphy an sloinne is coitianta ag leanaí a rugadh sa stát in 2025, agus Kelly agus O'Brien i ndiaidh sin.
Is é seo an ceathrú huair a tharla sé nach raibh Mary ar liosta an 100 ainm cailín is mó tóir in Éirinn sa 50 bliain ó 1975.
Ardú tóra is mó sa bhliain ag an ainm cailín Raya in 2025, ón 213ú háit in 2024 go dtí an 99ú háit in 2025.
David agus Olivia ar na hainmneacha ba mhó tóir a roghnaigh tuismitheoirí le náisiúntacht an AE15- AE27.
Taifeadadh 10,336 iontráil uathúla ar chlár na n-ainmneacha in 2025.
Áiríonn an foilseachán ‘Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2025’ ag an bPríomh-Oifig Staidrimh an síneadh fada agus diaicriticí eile ó tháinig an t-athrú sin i bhfeidhm i 2018. Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu.
Tá tionchar ar seo ar ord tóra do roinnt céadainmneacha. Mar shampla, bhíodh Sean (gan síneadh fada) i gcónaí sna 100 barrainm buachalla is mó tóir. Áirítear Seán (le síneadh fada) sna sonraí anois, agus láimhseáil an dá litriú mar ainmneacha éagsúla ó 2018. Ciallaíonn sé seo ar fad go n-áirítear leanaí leis an túsainm Seán astu féin ó 2018 ar aghaidh, mar sin, tá Seán sa 23ú háit in 2025, agus leanaí leis an túsainm Sean (gan síneadh fada) faoi iontráil eile, sa 141ú háit in 2025. Áirítear leanaí leis an dá litriú le chéile faoin iontráil 'Sean' do na blianta 1964-2017.
Seiceáil úsáid ainm ar leith thar na mblianta
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.
Trácht an Staitisteora
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (27 Feabhra 2026) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2025.
Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:
"Rían is ea an t-ainm buachalla is mó tóir in 2025, an chéad uair go bhfuil an áit seo bainte amach aige ó thús na sraithe in 1964. Tá ardú tóra tagtha ar an ainm seo ó 2018, agus bhí sé i measc an 5 ainm buachalla ba mhó tóir den chéad uair in 2021. Is é seo an chéad uair ó 2018, nuair a thosaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ag cur síntí fada in ainmneacha san áireamh den chéad uair, a bhfuil ainm le síneadh fada sa chéad áit.
Tháinig Rían in ionad Jack, atá sa dara háit i mbliana. Bhí Jack sa chéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Tá Jack agus James théis a bheith i measc an 5 ainm buachalla is mó tóir go leanúnach ó 1998 i leith. Is iad Rían, Jack, Noah, James, agus Oisín an 5 ainm buachalla is mó tóir in 2025.
Ag féachaint ar ainmneacha na gcailíní, is é seo an chéad uair ó thús na sraithe in 1964 a bhfuil Lily tar éis an chéad áit a bhaint amach mar an t-ainm cailín is mó tóir. In 1997, bhí 15 cailín ar an ainm Lily, agus tá ardú tóra tagtha ar an ainm go leanúnach ó shin. Bhí Lily i measc an 10 ainm cailín ba mhó tóir in 2011 agus in 2025 tháinig Lily in ionad Sophie mar an t-ainm cailín ba mhó tóir. Is iad Lily, Éabha, Fiadh, Grace, agus Sadie an 5 ainm cailín is mó tóir in 2025.
Tá éagsúlacht níos leithne i measc ainmneacha na gcailíní. In 2025, bhí Lily sa chéad áit, bhí Sophie sa chéad áit in 2024, agus in 2023, ba í Grace an rogha ba mhó tóir. Is é seo an chéad uair nach bhfuil Sophie sa 5 ainm cailín is mó tóir ó 2008. Tá Éabha tar éis fanacht sa 2ú háit a bhí aici ó 2024, agus is é 2025 an chéad bhliain a bhfuil Sadie i measc an 5 ainm cailín is mó tóir.
Iontrálacha Nua sa 100 ainm is mó tóir
Is iad Levi, Dáire, Naoise, Conall, Elijah, agus Teidí an 6 iontráil nua sa 100 ainm buachalla is mó tóir in 2025. Bhí an t-ardú tóra ba mhó ar Naoise, a chuaigh ón 162 áit in 2024 go dtí an 88ú áit in 2025.
Bhí 6 iontráil nua i measc na gcailíní chomh maith - Ríadh, Gracie, Mabel, Arabella, Nancy, agus Raya na cinn nua sa 100 ainm cailín is mó tóir in 2025. Bhí an t-ardú tóra ba mhó ar Raya, ag ardú ó 213ú áit in 2024 go 99ú ar an liosta in 2025.
Miondealú de réir ceantair agus náisiúntachta
Feictear Rían sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 12 ceantar ar fud na tíre, Cill Mhantáin, Ciarraí agus An Clár ina measc. Cé gur tháinig Leo sa 10ú áit go náisiúnta in 2025, le 261 leanbh den ainm, bhí sé ar an gceann is mó tóir i measc buachaillí a rugadh i bhFine Gall.
Feictear Lily sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 6 ceantar, Cill Dara, An Mhí, Cill Mhantáin, Cathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath Theas agus Cathair Chorcaí. Bhí Éabha sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite in 6 ceantar chomh maith, Cill Chainnigh, An Clár agus Contae Chorcaí ina measc. Cé go raibh Ayla sa 39ú go náisiúnta, bhí sí ar an ainm cailín ba mhó tóir i gCathair Luimnigh.
Bhí David agus Olivia ar na hainmneacha ba mhó tóir a roghnaigh tuismitheoirí arbh náisiúnaigh den AE15-AE27 iad, agus ba iad Rían agus Éabha na roghanna ba choitianta do bhuachaillí agus cailíní arbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoirí. Muhammad agus Hannah na roghanna ba choitianta do leanaí le tuismitheoirí arbh náisiúnaigh lasmuigh den AE (seachas an Ríocht Aontaithe agus Éire) iad.
Súil siar 50 bliain
Cé gurb é John an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1975, feictear é sa 29ú háit in 2025, gan athrú ó 2024. Ba í Mary an t-ainm ba mhó tóir do chailíní 50 bliain ó shin, ach tháinig Mary sa 112ú háit in 2025. Is é seo an ceathrú huair a tharla sé nach raibh Mary ar liosta na 100 ainm cailín is mó tóir in Éirinn, le 41 leanbh den ainm sin in 2025. Is díol suntais é gurb é James an t-aon ainm buachalla i measc an 10 ainm is mó tóir in 1975 agus 2025 araon, sa 6ú háit in 1975 agus sa 4ú háit in 2025.
Sloinnte
Ó 2023, tá leathnú déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar anailís sloinnte chun miondealú níos doimhne a dhéanamh ar na sloinnte is coitianta ar leanaí. Ba iad Murphy, Kelly, O'Brien, Walsh agus Byrne na sloinnte ba choitianta do leanaí a rugadh in 2025.”