Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Príomhthorthaí

Príomhthorthaí

ISSN Ar L´ne: 2009-6240
Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Fanann Jack ar bharr liosta na mbuachaillí arís in 2024 agus Sophie ar an ainm cailín is mó tóir in Éirinn in 2024

Jack ar an ainm buachalla ba choitianta arís in Éirinn in 2024, agus tháinig Sophie sa chéad áit i measc na gcailíní. Tá Jack ar an gcéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Léim Sophie ón 4ú háit in 2023 go barr an liosta in 2024. Roimh 2024, bhí Grace ar an ainm cailín ba choitianta in 2023 agus í sa 2ú háit in 2022 agus 2021 araon. Bhí Emily sa chéad áit in 2022 agus ó 2011 go 2019 chomh maith. In 2024, ba í Éabha a thóg an 2ú háit, ag ardú ón 8ú háit in 2023.

Figiúr 1.1 An 5 ainm buachalla is mó tóir 2024, léiriú ar athruithe tóra 2019-2024
Figiúr 1.2 An 5 ainm cailín is mó tóir 2024, léiriú ar athruithe tóra 2019-2024

An 5 ainm cailín agus buachalla is mó tóir 2024

Tá Jack i measc an 5 ainm buachalla ba mhó tóir ó 1998, agus é sa chéad áit ó 2023 ar aghaidh. Tá Noah i measc an 3 ainm buachalla in 2024, agus é ag fanacht sa 2ú háit den cheathrú bhliain as a chéile. Ba iontráil nua é Rían sa 5 ainm buachalla ba mhó tóir in 2021, agus dul chun cinn déanta aige ón 4ú háit in 2023 go dtí an 3ú háit in 2024. Iontráil nua sa 5 ainm buachalla ba choitianta é Cillian, sa cheathrú háit in 2024, agus é sa 10 n-ainm ba mhó tóir in 2021, 2022 agus 2023. Rogha an-choitianta é James go fóill, ach tá sé tar éis tite siar ón 3ú háit in 2023 go dtí an 5ú háit in 2024.

Ardú tóra tagtha ar Sophie, ag dul ón 4ú háit i 2023 chun an chéad áit a thógáil i measc na gcailíní in 2024. Tá dul chun cinn tagtha ar Éabha chomh maith, a bhí ag roinnt na 8ú háite in 2023, agus í sa 2ú háit in 2024. Tá Grace tite siar ón chéad áit in 2023 go dtí an 3ú háit in 2024. Tá Emily tar éis tite siar chomh maith, ón 3ú háit i 2023 go dtí an 4ú háit in 2024. Tá Emily i measc an 5 ainm cailín is mó tóir ó 2010 go 2024.

Maidir leis na buachaillí, tá trí iontráil as an nua tagtha isteach sa 100 barrainm den chéad uair in 2024 – Rowan, Caleb agus Iarlaith. Bhí an t-ardú tóra ba mhó ag Caleb, ag dul ón 142ú háit in 2023 go dtí an 91ú háit in 2024.

I measc na gcailíní, tá ceithre iontráil as an nua sa 100 barrainm - Hallie, Rhea, Caragh, agus Aurora, leis an ardú tóra is mó ag Rhea ag ardú 37 áit go 93 ar an liosta.

Tá níos mó éagsúlacht i gceist maidir le hainmneacha na gcailíní, le 5,161 ainm cailín in 2024 le hais 4,421 ainm buachalla.

Ainm amháin ar an rogha is coitianta do bhuachaillí sa chuid is mó den tír                                                                                                                                        

Tá Jack i mbarr a réime mar ainm buachalla go fóill sa stát in 2024, agus Rían ar an ainm buachalla ba mhó tóir in dhá cheann de na ceithre chúige. Bhí Noah sa dara háit i measc na mbuachaillí, agus é sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite i 10 gceantar, Ros Comáin agus Dún na nGall ina measc. Bhí ainmneacha lasmuigh den 5 ainm ba mhó tóir sa stát chun cinn i gcontaetha ar leith. Cé go raibh Conor sa 19ú háit sa stát agus sa chéad áit don uair dheireanach in 1999, bhí sé ar an ainm ba mhó tóir i Liatroim in 2024. Cé nach raibh sé ach sa 10ú háit sa stát, bhí Charlie ar an ainm buachalla ba mhó tóir i gContae Phort Láirge.

Feictear Sophie sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite i seacht gceantar, Loch Garman agus Deisceart Bhaile Átha Cliath ina measc. Bhí Éabha sa dara háit sa stát, ach feictear í sa chéad áit i gCúige Mumhan agus i gcúige Uladh (Páirt de). Feictear Fiadh chomh maith sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite i seacht gceantar, agus í sa chéad áit i gCúige Chonnacht. Bhí ainmneacha lasmuigh den 5 ainm ba mhó tóir sa stát chun cinn i gcontaetha ar leith. Bhí Lily sa chéad áit nó ag roinnt na chéad áite i measc na gcailíní i 3 cheantar – An Clár, Cathair Chorcaí agus Ceatharlach, agus í sa 6ú háit sa stát. Bhí Bonnie ar an ainm cailín ba mhó tóir i gCathair Phort Láirge, cé nach raibh sí ach sa 34ú háit sa stát.

Ó thaobh ainmneacha níos annaimhe de, nach raibh sa 100 barrainm in 2024, bhí Róise, Nancy, Lavinia, Lucía, Anya, Dáire, agus Sineád ar na hainmneacha is neamhchoitianta.

Tugadh Séamus, Luka, Ibrahim, Gearóid, Cristian, Abdullah, Maurice, agus Thomás ar líon beag buachaillí in 2024.

Jack ar an ainm buachalla ba mhó tóir arbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoir. Bhí Noah ar an ainm buachalla ba choitianta a roghnaigh tuismitheoirí arbh náisiúnaigh de chuid an AE14 (seachas Éire) iad an bheirt thuismitheoir. Bhí David sa chéad áit i measc na mbuachaillí arbh náisiúnaigh de chuid an AE15 go AE27 iad a bheirt thuismitheoir. Bhí Muhammad ar an rogha ba choitianta do bhuachaillí le tuismitheoirí arbh náisiúnaigh lasmuigh den AE (seachas an Ríocht Aontaithe agus Éire) iad beirt. Ní raibh ainm buachalla coitianta amháin le 3 thrácht roghnaithe ag tuismitheoirí de náisiúntacht an RA.

Éabha ar an ainm cailín ba mhó tóir arbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoir. Bhí Chloe ar an ainm cailín ba choitianta a roghnaigh tuismitheoirí arbh náisiúnaigh de chuid an AE14 (seachas Éire) iad an bheirt thuismitheoir, agus tháinig Sofia sa chéad áit i measc tuismitheoirí ón AE15 go AE27. Bhí Hazel ar an rogha ba choitianta do chailíní le tuismitheoirí arbh náisiúnaigh lasmuigh den AE (seachas an Ríocht Aontaithe agus Éire) iad beirt. Ní raibh ainm cailín coitianta amháin le 3 thrácht roghnaithe ag tuismitheoirí de náisiúntacht an RA.

Sloinnte

Ó 2023, tá leathnú déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar anailís sloinnte chun miondealú níos doimhne a dhéanamh ar na sloinnte is coitianta ar leanaí. Ba iad Murphy, Kelly, Byrne, O'Brien, agus Walsh na sloinnte ba choitianta do leanaí a rugadh in 2024. As 54,060 beobhreith in 2024, bhí 20,812 sloinne uathúla. Ba ionann an 10 sloinne ba choitianta agus 6.5% (nó 3,524) den 54,060 beobhreith. Ba iad an 3 sloinne ba choitianta do leanaí ná Murphy ag 582 (1.1%), Kelly ag 443 (0.8%), agus Byrne ag 383 (0.7%).

John agus Mary, na hainmneacha ba mhó tóir in 1974

Cé gurb é John an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1974, feictear é sa 29ú háit in 2024.  Ba iad an 5 ainm buachalla ba mhó tóir in 1974 ná John, Michael, Patrick, David, agus Paul. An t-aon ainm buachalla amháin ón 10 n-ainm buachalla ba mhó tóir a bhí fós sa 10 n-ainm ba mhó tóir in 2024 ná James.

Olivia an t-aon ainm cailín amháin sa 10 n-ainm cailín is mó tóir in 2024 a bhí sa 100 barrainm do chailíní in 1974.

Ba í Mary an t-ainm ba mhó tóir do chailíní 50 bliain ó shin, ach tháinig Mary sa 105ú háit in 2024. Ní raibh seo ach an tríú huair a tharla sé nach raibh Mary ar liosta na 100 barrainm in Éirinn. Olivia ar an aon ainm cailín amháin sa 10 n-ainm cailín ba mhó tóir in 2024 a bhí sa 100 barrainm do chailíní in 1974, agus í sa 7ú háit in 2024 agus sa 73ú háit in 1974. Bhí Elizabeth sa 100 barrainm in 1974 agus 2024 araon, í sa 9ú háit in 1974 agus san 81ú háit in 2024.

 

Na hainmneacha is mó tóir san RA

In 2023 (an bhliain is déanaí óna bhfuil sonraí ar fáil) bhí Muhammad ar an ainm buachalla ba mhó tóir i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, agus Olivia ar an ainm cailín ba mhó tóir. Bhí Noah ar bharr an liosta do bhuachaillí i dTuaisceart Éireann agus Isla sa chéad áit i measc na gcailíní. Ba iad na hainmneacha ba mhó tóir in Albain in 2023 ná Luca agus Isla.

Nóta Eolais

Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu.

Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.

Ciallaíonn sé seo ar fad go n-áirítear leanaí leis an túsainm Seán astu féin ó 2018 ar aghaidh, mar sin, tá Seán sa 15ú háit in 2024, agus leanaí leis an túsainm Sean (gan síneadh fada) faoi iontráil eile, sa 123ú háit in 2024. Áirítear leanaí leis an dá litriú le chéile faoin iontráil 'Sean' do na blianta 1964-2017.