Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Nótaí Cúlra

Nótaí Cúlra

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Sraith nua

Ón 1 Eanáir 2018, tá an síneadh fada agus diacriticí eile gafa ag an bPríomh-Oifig Staidrimh den chéad uair.  Is ionann sin agus tús le sraith nua sonraí.  Tríd an síneadh fada agus diacriticí eile a áireamh, bíonn tionchar aige ar an ord a bhíonn ag coitiantacht roinnt céadainmneacha.  Mar shampla, bhí an t-ainm Sean (gan síneadh fada) riamh i measc na 100 ainm is coitianta do bhuachaillí.  Tá an t-ainm Seán leis an síneadh fada san áireamh anois i sonraí 2018 ar aghaidh agus caitear leis an dá litriú mar dhá ainm ar leith. Níor éirigh leis a bheith sna 100 ainm is coitianta in 2019 áfach dá réir.  Ag tús an phróisis bailithe, b’éigean ainmneacha a chur isteach de láimh i mbunachar sonraí ó thaifid pháipéir.  Obair dhian a bhí i gceist agus rinneadh cinneadh in 1998 ainmneacha a chur isteach gan an síneadh fada.  Nuair a tháinig an t-am go raibh sonraí ar fáil go digiteach socraíodh leanúint ar aghaidh mar a bhí, mar go mbeadh briseadh sa tsraith dá ndéanfaí aon athrú ar an bpróiseas.

Foinse

Ba cheart a thabhairt faoi deara, ó 2017 ar aghaidh, go bhfuil líon na mbreitheanna de réir Tháblaí Ainmneacha Leanaí na hÉireann bunaithe ar na breitheanna sin a cláraíodh sa bhliain ábhartha seachas ar líon na mbreitheanna a taifeadadh san achoimre ar cheithre ráithe na bliana. Tá táblaí Ainmneacha Leanaí 2024 bunaithe ar bhreitheanna a cláraíodh ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024.   

Tá na torthaí sin bunaithe ar anailís a dhéanamh ar na chéadainmneacha a cláraíodh leis an Oifig um Chlárú Ginearálta (GRO) agus thosaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ag foilsiú na sraithe sin in 1998. Áiríodh i ngach fógra breithe in 2024 céadainm an linbh nuair a seoladh an tuairisceán staidrimh ar aghaidh chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh.  Ina theannta sin, tá sonraí maidir leis na céadainmneacha uile do na blianta (1964 go 2024 san áireamh) a bhfuil trácht orthu 3 huaire nó níos mó le fáil i dtáblaí PxStat. Tagraíonn VSA50 agus VSA60 - ina rangaítear ainmneacha na mbuachaillí agus na gcailíní go léir faoi seach a bhfuil trácht orthu 3 huaire nó níos mó, de réir bliana, líon agus áite.

Ó 2023 i leith, tá an anailís a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh ar shloinnte forbartha chun miondealú breise a dhéanamh ar na sloinnte is mó a bhfuil trácht orthu i ndáil leis na leanaí a rugadh.  Léirítear i dTábla 2.9 sloinnte na leanaí a bhfuil trácht orthu 10 n-uaire nó níos mó ar chúiseanna rúndachta.  Léirítear sonraí sloinnte freisin i dtábla PxStat VSA110.

Faisnéis a taifeadadh

Níor úsáideadh ach an chéadainm don anailís seo.  Níor tharraing an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) céadainmneacha eile na leanaí amach.  

Litriú agus leaganacha éagsúla

Tá déileáilte le litriú éagsúil ar ainm mar ainmneacha ar leithligh. Mar shampla, cé go raibh 53 buachaill ann a raibh an t-ainm Eoin orthu, an litriú Eoghan a bhí in úsáid ag 51 eile.  Ar an gcaoi chéanna, in 2024, má chuireann tú líon na gcailíní a raibh an t-ainm Hanna (22) agus an t-ainm Hannah (179) orthu le chéile, bheadh an t-ainm sin sa 12ú háit, agus ghlacfadh sé áit an ainm Freya.  Caitheadh le leaganacha éagsúla d’ainmneacha agus giorrúcháin d’ainmneacha mar ainmneacha ar leithligh freisin.  Mar shampla, is ionann líon na mbuachaillí a bhfuil na hainmneacha Jack, Seán, John agus Sean orthu agus 925 buachaill.  Comhaireadh iad sin mar ainmneacha ar leithligh agus tá siad sa 1ú, 15ú, 29ú agus 123ú háit faoi seach. Dá ndéileálfaí leis na hainmneacha sin mar leaganacha éagsúla den ainm John, bheadh sé ar an ainm buachaillí is mó a bhfuil trácht air.  Ó 2018 ar aghaidh, tá ainmneacha a bhfuil an síneadh fada iontu á dtaifeadadh leis an síneadh fada agus mar sin déantar Seán agus Sean a thaifeadadh mar dhá ainm dhifriúla.

Réigiúnach NUTS2 agus NUTS3 - Eanáir 2018

Ón 1 Eanáir 2018, tháinig leasú ar reachtaíocht EU NUTS i bhfeidhm.  Léiríonn sé seo an struchtúr nua tionóil réigiúnaigh agus na hathruithe eile atá tagtha ar an Acht Rialtais Áitiúil do Chomhairle Cathrach agus Contae Thiobraid Árann Thuaidh, Thiobraid Árann Theas agus ar Chomhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh agus Phort Láirge.  Tá comhdhéanamh mhiondealú nua na Réigiún leagtha amach thíos.

Go dtí mí na Nollag 2017, bhí na haicmithe réigiúnacha bunaithe ar an aicmiú NUTS (Aicmiú Comhchoiteann na na nAonad Críche) a bhí in úsáid ag Eurostat. Bhí réigiúin NUTS3 ag freagairt d’ocht nÚdarás Réigiúnacha a bunaíodh faoin Ordú fán Acht Rialtais Áitiúil, 1991 (Údaráis Réigiúnacha) (Bunú), 1993, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.  Is grúpálacha de réigiúin NUTS3 iad réigiúin NUTS2, a mhol an Rialtas agus a chomhaontaigh Eurostat in 1999.


 Tá comhdhéanamh na réigiún leagtha amach thíos.

 Réigiún NUTS2 

Tuaisceart agus Iarthar

Réigiún NUTS2

Deisceart

Réigiún NUTS2

Oirthear agus Lár Tíre 

An Teorainn An Cabhán
Dún na nGall
Liatroim
Muineachán
Sligeach
Lár-Iarthair An Clár
Luimneach
Tiobraid Árann
Baile Átha Cliath Cathair Bhaile Átha Cliath
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin
Fine Gall
Baile Átha Cliath Theas
Oirdheisceart Ceatharlach
Cill Chainnigh
Port Láirge
Loch Garman
Lár-Oirthir Cill Dara

An Mhí
Cill Mhantáin
An tIarthar Gaillimh
Maigh Eo
Ros Comáin 
Iardheisceart Corcaigh
Ciarraí
Lár na Tíre Laois
An Longfort
Uíbh Fhailí
An Iarmhí

Grúpaí náisiúntachtaí

Is éard atá sa chatagóir EU14 gan Éire san áireamh, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Spáinn agus an tSualainn.

Is éard atá i gcatagóir AE15 go AE27:   An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.