Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Achoimre ar Thorthaí

Fanann Jack ar bharr liosta na mbuachaillí arís in 2024, agus an lámh in uachtar ag Sophie thar Grace i measc na gcailíní

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

  • Jack is ea an t-ainm buachalla is coitianta arís, don ochtú bhliain as a chéile.

  • Sophie ar an ainm cailín is mó tóir in 2024, agus Grace tite siar ón chéad áit a bhí aici in 2023 go dtí an tríú háit in 2024.

  • Ardú tóra is mó sa bhliain ag an ainm buachalla Caleb in 2024, ón 142ú háit in 2023 go dtí an 91ú háit in 2024.

  • Sa 50 bliain ó 1974, ní raibh seo ach an tríú huair a tharla sé nach raibh Mary ar liosta na 100 barrainm in Éirinn.

  • Ag féachaint ar éagsúlacht réigiúnach, Clara ar an ainm cailín is mó tóir i gCathair na Gaillimhe. Páidí ar an ainm buachalla is mó tóir i Sligeach agus Muineachán, agus é sa 22ú háit sa stát.

  • Is é Murphy an sloinne is coitianta ag leanaí a rugadh sa stát in 2024.

  • David agus Sofia ar na hainmneacha ba mhó tóir a roghnaigh tuismitheoirí le náisiúntacht an AE27.

  • Taifeadadh 9,582 iontráil uathúla ar chlár na n-ainmneacha in 2024.

Trácht an Staitisteora

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (28 Feabhra 2025) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2024.

Déanann Seán O’Connor, Staitisteoir sa rannóg Staitisticí Beatha, trácht ar fhoilseachán an lae inniu:

"Tá Jack i mbarr a réime mar ainm do bhuachaillí go fóill in 2024. Tá sé ar an gcéad áit ó 2007, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. Tá Jack agus James théis a bheith i measc an 5 ainm buachalla go leanúnach ó 1998 i leith. Is iad Noah agus Rían na cinn eile den 3 ainm buachalla is mó tóir in 2024.

In 2024, filleann Sophie ar an gcéad áit i measc na gcailíní den chéad uair ó 2010. In éineacht léi ar an 5 ainm cailín is mó tóir in 2024, tá Éabha, Grace, Emily, agus Fiadh.

Cé gurb é Jack an t-ainm buachalla is mó tóir in Éirinn don ochtú bhliain as a cheile, tá níos mó éagsúlacht i measc ainmneacha na gcailíní. In 2024, ba í Sophie an t-ainm cailín ba choitianta, in 2023, bhí Grace ar bharr an liosta agus in 2022 bhí Emily sa chéad áit. Tá Grace, Emily agus Sophie théis a bheith i measc an 5 ainm cailín go leanúnach ó 2016, le hÉabha san 5 ainm cailín is mó tóir den chéad uair in 2021 agus í sa dara háit in 2024.   

Maidir leis na buachaillí, tá trí iontráil as an nua tagtha isteach sa 100 barrainm den chéad uair in 2024 – Rowan, Caleb agus Iarlaith. Feictear an t-ardú tóra is mó ag Caleb, ag dul ón 142ú háit in 2023 go dtí an 91ú háit in 2024.

I measc na gcailíní, tá ceithre iontráil as an nua sa 100 barrainm - Hallie, Rhea, Caragh, agus Aurora, leis an ardú tóra is mó ag Rhea ag ardú 37 áit go 93 ar an liosta.

Miondealú de réir ceantair agus náisiúntachta

Feictear Jack sa chéad áit nó ag roinnt na céad áite in 11 cheantar, Cill Dara, Cill Chainnigh agus An Clár ina measc. Cé go raibh Páidí sa 22ú háit sa stát le 201 leanbh den ainm in 2024, bhí sé i mbarr a réime i Sligeach agus Muineachán.

Feictear Sophie sa chéad áit nó ag roinnt na céad áite i seacht gceantar, Dún Laoghaire – Ráth an Dúin, Loch Garman agus Cathair Luimnigh ina measc. Feictear Fiadh chomh maith sa chéad áit nó ag roinnt na céad áite i seacht gceantar, Longfort, Ciarraí agus Dún na nGall ina measc. Cé nach raibh Clara ach sa 65ú háit sa stát, bhí sí i mbarr a réime i gCathair na Gaillimhe.

David agus Sofia ar na hainmneacha ba mhó tóir a roghnaigh tuismitheoirí arbh náisiúnaigh den AE27 iad, agus ba iad Jack agus Éabha na roghanna ba choitianta do bhuachaillí agus cailíní arbh Éireannaigh iad an bheirt thuismitheoir. Muhammad agus Hazel na roghanna ba choitianta do leanaí le tuismitheoirí arbh náisiúnaigh lasmuigh den AE (seachas an Ríocht Aontaithe agus Éire) iad beirt.

Súil siar 50 bliain

Cé gurb é John an t-ainm ba choitianta do bhuachaillí in 1974, feictear é sa 29ú háit in 2024.  Ba í Mary an t-ainm ba mhó tóir do chailíní 50 bliain ó shin, ach tháinig Mary sa 105ú háit in 2024 in éineacht le Laura agus Zoey. Ní raibh seo ach an tríú huair a tharla sé nach raibh Mary ar liosta na 100 barrainm in Éirinn, le 46 leanbh den ainm sin in 2024. Is díol suntais é gurb é James an t-aon ainm buachalla i measc an 10 ainm is mó tóir in 1974 agus 2024 araon, sa 6ú háit in 1974 agus sa 5ú háit in 2024.

Sloinnte

Ó 2023, tá leathnú déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar anailís sloinnte chun miondealú níos doimhne a dhéanamh ar na sloinnte is coitianta ar leanaí. Ba iad Murphy, Kelly, Byrne, O'Brien, agus Walsh na sloinnte ba choitianta do leanaí a rugadh in 2024.” 

Nóta Eolais - Sínte fada agus diacriticí eile

Áiríonn an foilseachán ‘Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2024’ ag an bPríomh-Oifig Staidrimh an síneadh fada agus diaicriticí eile ó tháinig an t-athrú sin i bhfeidhm i 2018.  Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu.

Tá tionchar ar seo ar ord tóra do roinnt céadainmneacha. Mar shampla, bhíodh Sean (gan síneadh fada) i gcónaí sna 100 barrainm buachalla is mó tóir. Áirítear Seán (le síneadh fada) sna sonraí anois, agus láimhseáil an dá litriú mar ainmneacha éagsúla ó 2018. Mar sin, feictear Seán sa 15ú háit in 2024, agus tá Sean tite go dtí an 123ú háit in 2024.