Áiríodh 10,321 duine gan dídean i nDaonáireamh 2022.
Bhí 6,234 fireannach, 60% den daonra gan dídean iomlán, agus 4,087 baineannach (40%) ann.
Ba é Ceantar Réigiúnach an Phlean Gníomhaithe do Dhaoine gan Dídean (Réigiún Riaracháin) leis an sciar is lú daoine gan dídean ná an tIarthuaisceart (Sligeach, Dún na nGall agus Liatroim) le 102 duine nó 1% den daonra gan dídean iomlán.
Ba é Ceantar Réigiúnach an Phlean Gníomhaithe do Dhaoine gan Dídean (Réigiún Riaracháin) leis an sciar is mó daoine gan dídean ná Baile Átha Cliath (Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire – Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas) le 7,238 duine nó 70% den daonra gan dídean iomlán.
Bhí díreach faoi bhun aon trian den daonra gan dídean faoi bhun 20 bliain d’aois, sin 32% nó 3,309 duine.
Ní raibh ach 4% den daonra gan dídean (417 duine) 60 bliain d’aois nó níos sine.