Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ceisteanna Coitianta

Tá freagraí tugtha thíos ar cheisteanna coitianta a bhaineann leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh.

Cliceáil ar an gceist leis an bhfreagra a fháil.

Bunús reachtúil leis an Suirbhé Píolótach
Cén fáth go mbíonn Suirbhé Píolótach ann?
Cé mhéad teaghlach a bhíonn i gceist sa Suirbhé Píolótach?
Cén costas a bhaineann leis an Suirbhé Píolótach?
Céard faoi rúndacht don Suirbhé Píolótach?
Cártaí Aitheantais?
An bhfuil cúnamh le fáil le teangacha eile?
Céard atá á thástáil?
Céard é an t-eolaire geografach?
Céard faoi fhreagraí i suirbhéanna Píolótacha roimhe seo?
Cé a bhaineann úsáid as an eolas?
Cén fáth a bhfuil Daonáireamh iomlán ann sa bhliain 2011? Cén fáth nach bhfuil ann ach suirbhé?
Muna n-aontaíonn tú leis an Suirbhé Píolótach?
An bhfuil an Suirbhé Píolótach éigeantach?
Cén chaoi a roghnaíodh na háiritheoirí don Suirbhé Píolótach?
 
Bunús reachtúil leis an Suirbhé Píolótach

Faoi Rialachán 1 an AE, tá ar Éire chomh maith leis na tíortha eile den AE Daonáireamh a chur i gcrích sa bhliain 2011. (see EU_Regulation_2008.pdf  ). (as Bearla)

Is faoin Acht Staidrimh, 1993 a dhéantar an Suirbhé Píolótach Daonáirimh a chur i gcrích.

Cén fáth go mbíonn Suirbhé Píolótach ann?
Ní mór dúinn Suirbhé Píolótach a dhéanamh le ceisteanna nua a thástáil don chéad Daonáireamh iomlán eile. Ní féidir linn rudaí a bheith mícheart i ndaonáireamh iomlán, mar sin déanann muid ceisteanna nua a thástáil chomh maith le modhanna nua i líon beag ceantar roghnaithe agus bíonn a fhios againn cé na rudaí a n-éiríonn leo agus cé na rudaí a dteipeann orthu.

Cé mhéad teaghlach a bhíonn i gceist sa Suirbhé Píolótach?
Bíonn timpeall 10,000 den mhilliún go leith teaghlach sa Stát páirteach sa Suirbhé Píolótach. Roghnaíodh 32 (as 4,200) ceantar don Suirbhé Píolótach agus tá áiritheoir amháin freagrach as gach ceantar. Mar a tharlaíonn i nDaonáireamh iomlán, ní mór don áiritheoir breathnú i ndiaidh gach teaghlach ina c(h)eantar.

Cén costas a bhaineann leis an Suirbhé Píolótach?
Cosnaíonn Suirbhé Píolótach thart ar €250,000.

Céard faoi rúndacht don Suirbhé Píolótach?
Déantar an Suirbhé Píolótach a chur i gcrích faoin Acht Staidrimh, 1993. Ráthaíonn sé seo rúndacht an eolais ar fad a bhailítear sa Suirbhé Píolótach. Tá an rúndacht ráthaithe mar atá don Daonáireamh iomlán agus baineann na píonóis chéanna le haon sárú ar rúndacht.

Cártaí Aitheantais
Faoin Acht Staidrimh, freisin, tá Áiritheoirí (agus Maoir Cheantair) don Suirbhé Píolótach ina 'nOifigigh Staidrimh' agus ní mór dóibh cárta aitheantais a bheith á iompar acu i gcónaí agus iad i mbun a gcuid dualgas don Suirbhé Píolótach agus é a thaispeáint má iarrtar é.

An bhfuil cúnamh le fáil le teangacha eile?
Ní mór an leagan Gaeilge nó Béarla den Fhoirm Phíolótach a chomhlánú. Tá aistriúchán den téacs ar fáil i bPolannais, i bhFrainics, i Rúisís agus i Sínis. Tá na haistriúcháin seo ar fáil ón áiritheoir nó is féidir iad a íoslódáil ón leathanach um Fhoirmeacha Píolótacha. Anseo (as Béarla)

Céard atá á thástáil?
Sa Suirbhé Píolótach táimid ag tástáil athruithe ar 15 den 29 ceist chomh maith le 3 cheist nua. Freisin, tá tástáil á dhéanamh againn ar an Eolaire Geografach de chuid An Post a úsáid, le cúnamh a thabhairt gach áitreabh cónaithe i ngach ceantar a aithint.

Céard é an tEolaire Geografach?
Banc sonraí náisiúnta seoltaí é an tEolaire Geografach, le ós cionn 1.5 milliún seoladh, curtha le chéile ag An bPost agus ag an Suirbhéireacht Ordanáis. Tá cód-geografach ag gach seoladh agus mar sin is féidir é a mhapáil go digiteach. Beidh ár gceachtanna ón Suirbhé Píolótach maidir le húsáid an eolaire-geografaigh úsáideach le Daonáirimh sa todhchaí a phleanáil.

Céard faoi fhreagraí i suirbhéanna Píolótacha roimhe seo?
Baineadh amach ráta freagra de 96% i nDaonáireamh Píolótach 2004. Tá tuairisc iomlán an tSuirbhé Píolótach ar fáil ar shuíomh idirlín na POS. Anseo.

Cé a bhaineann úsáid as an eolas?
Bíonn staitisticí le feiceáil gach lá i gcinnlínte na nuachta. Tá staitisticí cruinne níos tábhachtaí ná riamh don phleanáil éifeachtach.

Gach mí tugtar cuairt ar shuíomh idirlín na POS timpeall 150,000 babhta. Bíonn cuairt ar leathanaigh an Daonáirimh i gcónaí ag barr an liosta cuairte.

Cé go bhfuil na torthaí ar fad Daonáirimh ar fáil anois ar an suíomh idirlín, bíonn foireann faoi leith um Fhiosrúcháin Daonáirimh ag plé le tuairim 300 glaoch teileafóin/ríomhphost gach mí chomh maith le sruth leanúnach iarratas ar anailís speisialta ar Shonraí Daonáirimh ó Údaráis Áitiúla, Ranna Rialtais, Grúpaí Taighde agus Grúpaí Pobail.

Cén fáth a bhfuil Daonáireamh iomlán ann sa bhliain 2011? Cén fáth nach bhfuil ann ach suirbhé?
Cé go dtugann suirbhé pictiúr dúinn den scéal ag leibhéal náisiúnta, ní féidir eolas cruinn d'áiteanna níos lú a fháil ach i ndaonáireamh iomlán. Aimseoidh an daonáireamh rudaí ar nós áiteanna atá buailte go dona ag an dífhostaíocht, rudaí atá fíor thábhachtach don phleanáil.

Muna n-aontaíonn tú leis an Suirbhé Píolótach?
Líon isteach an fhoirm ar aon chaoi. Scríobh isteach sa cholún do thuairimí ar an leathanach cúil na smaointe atá agat. Teastaíonn uainn aiseolas a fháil uait sa Suirbhé Píolótach maidir leis an bhfoirm/an suirbhé píolótach/bproiséas daonáirimh. Beidh sé seo ar fad ina chúnamh dúinn le cinneadh a dhéanamh ar gach a bhaineann leis an Daonáireamh iomlán i 2011.

An bhfuil an Suirbhé Píolótach éigeantach?
Tá dualgas faoin dlí orainn freagraí a sholáthar do Dhaonáireamh iomlán, ach níl don Suirbhé Píolótach. Mar a tharla i Suirbhéanna Píolótacha roimhe seo táimid ag brath ar dheá-thoil agus ar chomhoibriú na dteaghlach atá roghnaithe le cinntiú go n-éiríonn go maith leis an Suirbhé Píolótach.

Ar an lámh eile déantar an Suirbhé Píolótach a chur i gcrích faoin Acht Staidrimh, 1993. Ráthaíonn sé seo rúndacht an eolais ar fad a bhailítear sa Suirbhé Píolótach. Tá an rúndacht ráthaithe díreach mar atá do Dhaonáireamh iomlán agus baineann na píonóis chéanna le haon sárú ar rúndacht.

Cén chaoi a roghnaíodh na háiritheoirí do na postanna leis an Suirbhé Píolótach?
Ós rud é gur ar scála beag atá an Suirbhé Píolótach á rith, déanfar na háiritheoirí a roghnú ó phainéal áiritheoirí a bhí ag obair ar Dhaonáireamh 2006.

Mar a tharla i nDaonáirimh roimhe, déanfar an 5,000 post sna ceantair don daonáireamh iomlán i 2011 a fhógairt i 2010.