Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Daonáireamh 2002 agus OCSP


Tá an clár seo curtha le chéile le deis a thabhairt do mhic léinn agus do mhúinteoirí Oideachas Cathartha, Sóisialta agus Polaitiúil (OCSP) breathnú ar na bealaí gur féidir úsáid a bhaint as an Daonáireamh, go ginearálta, agus chun aird a dhíriú ar Dhaonáireamh 2002, go mór mhór, i measc na scoileanna. Tá an clár dírithe ar choincheap na FORBARTHA agus an bealach go gcuireann eolas ón daonáireamh ar chumas na n-údarás áitiúil agus an rialtais forbairtí a phleanáil don todhchaí. Tá TOGRA GNÍMH san áireamh freisin - is féidir le mic léinn a ndaonáireamh grúpa féin a thógáil sa rang/bliain agus na torthaí a thuairisciú.

Aidhmeanna:

  • Eolas maidir le Daonáireamh 2002 a scaipeadh
  • Deis a thabhairt do mhic léinn Daonáireamh a thuiscint
  • Taispeáint do mhic léinn cén bealach a mbaintear úsáid as eolas ón
    Daonáireamh.
  • Páirt a ghlacadh i dTogra Gnímh an Daonáirimh
    Fad: 6-10 ranganna
  • Rang 1: Forbairt - an coincheap - Bain úsáid as nuachtáin áitiúla, nuachtlitreacha, griangrafanna, póstaeir imeachtaí, agoidí &rl atá ar fáil go háitiúil le heolas a bhailiú agus liosta a dhéanamh de na hATHRUITHE atá le feiceáil i measc do phobail faoi láthair.
  • Rang 2: Céard é Daonáireamh? Líon isteach Foirm Daonáirimh ar son do phearsa i mBaile an Daonáirimh.
  • Rang 3: An tionchar gur féidir le daonáireamh a bheith aige ar fhorbairt Phobail. Gníomhaíocht phleanála Bhaile an Daonáirimh - 2 Rogha.
  • Rang 4/5/6: Pleanáil do Dhaonáireamh an Ranga/na Bliana mar Ghrúpa/Scoil ar fad
    Grúpaí/Coistí:
    Grúpa an Cheada
    Grúpa Ceisteanna an Daonáirimh
    Grúpa Dearadh an Daonáirimh
    Grúpa Dáileadh an Daonáirimh
    Grúpa Eolais ar Lá an Daonáirimh
    Grúpa Áirimh na dTorthaí
  • Rang 7: Seachtain Daonáirimh na Scoileanna, 22 Aibreán go dtí 26 Aibreán, 2002 Déan Daonáireamh sa Scoil.
  • Rang 8/9: Torthaí a mheas agus a chur i dTáblaí
  • Rang 10: Daonáireamh 2002 - Dearcadh Náisiúnta
  • Roghnach: Scríobh Tuairisc ar Thogra Gnímh

  ar ais go barr

Cóip PDF de phacáiste OCSP a íoschóipeáil (PDF 1.1MB)

Teastóidh Adobe Acrobat Reader uait le códanna pdf a léamh.

Muna bhfuil Acrobat Reader agat is féidir é a íoschóipeáil in aisce ó shuíomh Adobe. (naisc go suíomh Adobe)