Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Téama: Ciall a bhaint asainn féin!

Ginearálta
San imeacht seo taispeántar do mhic léinn, trid iad a chur ag obair, cuid mhór de na gnéithe a bhaineann le suirbhé a líonadh, anailís a dhéanamh air agus é a thuairisciú. Cur síos ar am faoi leith atá ann "nóimead sa saol" agus is féidir leis na glúnta a thagan inár ndiaidh ansin úsaid a bhaint as an eolas agus na staitisticí le comparáidí a dhéanamh.

Taispeánfar do mhic léinn conas anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar a suirbhé. Cuid fíorthábhachtach den obair seo go ndéanfaidh na mic léinn anailís ar n-ábhar féín agus go mbainfidh siad smaointe agus eolas leathan as faoina ndearcadh, a nósanna agus faoina spreagthaí. Tá rangú déanta ar na ceisteanna sa suirbhé de réir na ngnéithe sin.

Ba cheart do na ranganna uilig san idirbhliain a bheith páirteach san imeacht seo. "Nóiméad sa saol" é an suirbhé a thabarfaidh léargas ar an lá atá inniu ann ach chomh maith le sin go mbeadh pictiúr ag na mic léinn comparáid a dhéanamh leis sa todhchaí.

Am Ranga
Moltar gur ceart ceithre rang a chaiteamh leis an ábhar seo.

  • Rang a 1:
    An raibh a fhios agat? (bileog 1)
    An chéad chéim
    Is furasta duitse é sin a rá (bileog 2)
    Imeachtaí an Daonáírimh (cuid)
  • Rang a 2:
    Imeachtaí an Daonáírimh (an cuid eile)
    Plé a dhéanamh ar a bhfuil sa cheistiúchán (bileog 3)
    Plé a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar a t-eolas a chur le chéile agus agus a bailiú.
    An suirbhé a líonadh isteach.
  • Rang a 3:
    Torthaí a chur le chéile.
  • Rang a 4:
    Cuireann na mic léinn tuairisc le chéile.
    Anailís ar an tuairisc.

Cuspóirí Foghlama

  • Modh oibre an tsuirbhé
  • Torthaí an tsuirbhé a chur le chéile
  • Tuairisc ar anailís ar shuirbhé na dtorthaí.
  • Plé agus eagrú "nóiméad sa saol".
  • Is faoi rún a dhéanfar gach rud a bhaineann leis an suirbhé seo agus mar sin scríobhfaidh na mic léinn a n-ainm ar an mbileog inscartha ar a bhfuil uimhir chóid le feiceáil. Ar an gcaoi seo más mian le mic léinn dul ar ais a chig a gcód féin sa todchaí beifear in ann teacht air leis an gcóras simplí éifeachtach seo. Ba cheart na bileoga inscartha agus na suirbhéanna cuí a chódú i mbosca agus iad a choinneáil i seomra an mhúinteora nó comhordnóra.

Cóip PDF de phacáiste na hIdirbhliana a íoschóipeáil (PDF 148KB)

Teastóidh Adobe Acrobat Reader uait le códanna pdf a léamh. 

Muna bhfuil Acrobat Reader agat is féidir é a íoschóipeáil in aisce ó shuíomh Adobe. (naisc go suíomh Adobe)