Is iad na spriocanna atá leis na hacmhainní scoile seo ná cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar an daonáireamh, fáil amach conas a reáchtáiltear an daonáireamh agus cén fáth a ndéantar é, agus foghlaim faoin mbealach a dtéann an fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bharr an daonáirimh chun tairbhe ár sochaí, ár bpobal agus ár saoil laethúil.
Acmhainní Scoile Daonáirimh 2022 (Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna)
Cén fáth gur ábhar spéise do mhic léinn é an daonáireamh?
Tá an fhaisnéis a fhaighimid ón daonáireamh le fáil i ngach gné dár saol laethúil. Cuireann sé ar fáil:
Déanann sé cur síos ar an tsochaí ina mairimid agus cabhraíonn sé linn tuiscint níos fearr a fháil ar an tsochaí sin, cuir i gcás, comhdhéanamh an daonra maidir le haois, bunús, gníomhaíochtaí nó aon cheann de na príomhshonraí eile a bhailítear sa daonáireamh.
Is cuid bharrthábhachtach dár n-oideachas é a bheith ag foghlaim faoin daonáireamh agus conas sonraí an daonáirimh agus sonraí staidrimh eile a úsáid go héifeachtach. Cabhraíonn sé linn tuiscint a fháil ar an tsochaí agus ar ár ról mar shaoránaigh fhreagracha agus muid ag glacadh páirt sa tsochaí sin.
An raibh a fhios agat go bhfuil an daonáireamh ábhartha do roinnt de na hábhair éagsúla a dhéanann tú, mar dhalta, cé acu ar an mbunscoil nó ar an iar-bhunscoil?
Cabhraíonn sé linn roinnt scileanna an-tábhachtacha a fhoghlaim. Mar shampla, trí eolas a fháil ar an mbealach a mbailítear sonraí agus a ndéantar anailís agus tuairisciú orthu, cabhraítear linn, ní hamháin lenár gcuid scileanna matamaitice, cur i láthair agus tuairisciúla, ach cabhraíonn sé linn freisin na sonraí a chuirtear os ár gcomhair a thuiscint. Tugann sé na scileanna dúinn ceisteanna a chur ar bhealach tairbheach chun eolas cruinn a fháil chun cur leis an tuiscint atá againn ar a bhfuil ag tarlú sa saol mórthimpeall orainn. Mar dhaltaí, bainfidh sibh úsáid as na scileanna sin go minic in bhur gcuid staidéir amach anseo, cé acu i réimse na matamaitice, an ghnó, na heacnamaíochta, na staire, na tíreolaíochta nó i dtionscadail eolaíochta a bheidh tú a dhéanamh.
Tá faisnéis daonáirimh ar fáil faoi Éirinn ina hiomláine nó de réir réigiúin, faoi chathracha, de réir contae, de réir toghroinne, agus de réir limistéir bheaga ó bhí 2011 ann. Cuireann sé sin ar ár gcumas torthaí a cuireadh le chéile le haghaidh limistéir gheografacha éagsúla a scrúdú, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile, cuir i gcás, Éire ina hiomláine a chur i gcomparáid lenár gceantar áitiúil féin nó ár gceantar áitiúil féin a chur i gcomparáid le ceantair eile in aice láimhe.
Cabhraíonn sé linn freisin ár stair a thuiscint. Tá an-tóir i measc Éireannach ar fud an domhain ar sheantuairisceáin daonáirimh ó 1901 agus 1911 ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta. Bíonn daoine ag iarraidh fáil amach faoina sinsir féin agus conas a mhair muintir na tíre ag tús an chéid seo caite. De bharr go bhfuil na tuairisceáin sin ar fáil, níl aon teorainn leis na deiseanna atá againn staidéar agus anailís a dhéanamh ar ár stair, forbairt ár sochaí ar an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal áitiúil le himeacht ama a scrúdú, treochtaí a scrúdú, agus tuiscint níos fearr a fháil ar stair na tíre. Seo lón machnaimh duit: cé nach mbeidh na foirmeacha a líonadh in 2022 ar fáil go dtí 2122 faoin riail rúndachta 100 bliain, tugann siad léargas orainn mar a bhíomar in 2022. Tabharfaidh siad deis do dhaoine dár sliocht aithne níos fearr a chur orainn agus a fháil amach conas a d’athraigh cúrsaí le linn an 21ú haois.
Ar ndóigh, is foinse thábhachtach sonraí socheacnamaíocha é an daonáireamh freisin agus cuireann sé bonn faoin anailís a dhéantar ar go leor sonraí staidrimh socheacnamaíocha eile a fheicimid agus a úsáidimid inár saol laethúil. Foghlaimíonn daltaí go leor scileanna tríd an daonáireamh a scrúdú agus trí anailís a dhéanamh air. Beidh na scileanna sin ábhartha maidir lena gcuid staidéir ar an eacnamaíocht agus ar an ngnó. Chomh maith leis sin, cuireann an daonáireamh faisnéis an-úsáideach ar fáil do dhaltaí agus taighde á dhéanamh acu ar ghnéithe éagsúla de na réimsí staidéir sin. Beidh na scileanna sin ina gcuidiú acu ina ngairmeacha amach anseo freisin.
Tá sonraí daonáirimh ar fáil do gach duine le húsáid. Tá torthaí Dhaonáireamh 2022 foilsithe ar líne ar shuíomh gréasáin an CSO ag www.cso.ie/census, mar ar féidir leat teacht ar thorthaí na ndaonáireamh roimhe sin agus ar thorthaí daonáireamh stairiúil freisin. Féadfaidh duine ar bith na sonraí sin ar fad a chíoradh saor in aisce.