Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Chun daonáireamh a dhéanamh ní mór d'Áiritheoir Daonáirimh teagmháil a dhéanamh le gach teaghlach sa tír. Ciallaíonn sé sin gur gá an tír ina hiomláine a roinnt agus a léarscáiliú i limistéir ina bhfaightear isteach is amach le 350 teach an ceann. Tugtar Limistéir Áirimh (LAanna) ar na limistéir sin agus tá an rannóg 'Geografaíocht Daonáirimh' tar éis thart ar 4,400 díobh a léarscáiliú!


Le sainaithint freisin i ngach léarscáil LA tá teorainneacha na limistéar riaracháin agus geografach go léir (.i. contaetha, bailte, fobhailte, Toghranna agus bailte fearainn).

Léarscáil a mhionsonraíonn limistéar áirimh (LA) imlínithe i gcorcairdhearg.

Duine den fhoireann léarscáilithe i mbun limistéar áirimh a shainmhíniú.
Cuid de na léarscáileanna LA i stóras ag POS Sórd.