Ceist 5-9 - Áit bhreithe, Náisiúntacht, Ghnáthchónaite
Is í cuspóir cheisteanna 5 go 9 ná staidéar a dhéanamh ar phatrúin imirce, patrúin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha araon. Tabharfaidh an fhaisnéis sin léargas dúinn ar céaca na háiteanna a bhfuil daoine ag bogadh chucu agus uathu agus cé h-iad atá ag bogadh i dtéarmaí aoise, inscne, oideachais, slí bheatha, srl.
Is príomhthréith é an suíomh a úsáidtear in éineacht le sonraí eile chun pictiúr cruinn dár ndaonra a chruthú. Tá sé mar bhonn le haghaidh meastachán agus réamh-mheastachán daonra agus chun teorainneacha toghcháin a chinneadh.
Nuair a dhéantar comparáid idir áit bhreithe (ceist 5) agus áit ghnáthchónaithe (ceist 7) tugtar imirce níos fadtéarmaí le fios.
Ar an dul céanna, má chónaigh duine lasmuigh den tír ar feadh tréimhse leanúnaá de bhliain nó níos mó.
Trí chomparáid a dhéanamh idir áit ghnáthchónaithe duine bliain roimh an daonáireamh (ceist 8) agus an cónaí atá air/uirthi ag tráth an daonáirimh (ceist 7), tugtar le fios a mhéid a athraíonn daoine a n-áit chónaithe.
Tá náisiúntacht á hiarraidh den chéad uair agus tá sé sin tábhachtach i gcomhthéacs tíre níos éagsúla ó thaobh cultúir.