Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ceist 29 - 30:  Ionad Oibre

Tá dhá fheidhm le ceisteanna 29 agus 30. Cabhraíonn siad chun tionscal a chódú nuair atá an tuairisc i gCeist 31 míshoiléir nó neamhleor. Nuair a úsáidtear in éineacht leis na ceisteanna faoi thaisteal chun oibre iad, soláthraíonn siad freisin faisnéis thábhachtach ar phatrúin choimitéireachta.

Treoirlínte faoi cheisteanna 29 agus 30 a fhreagairt:

  • I gcás ceist 30, teastaíonn an seoladh iomlán agus cruinn a n-oibrítear aige, agus ní ceanncheathrú nó ceannoifig fostóra, más difriúil.
  • Is ceart na ceisteanna seo a fhreagairt ag na daoine sin amháin atá ag obair nó dífhostaithe .i. iad sin a thugann le fios ag Ceist 24 go bhfuil siad: "Ag obair le haghaidh íocaíochta nó brabúis" nó "Dífhostaithe".
  • Ní gá do dhaoine atá scortha na ceisteanna seo a fhreagairt.

Ceist 31:   Tionscal


Soláthróidh ceist 31 faisnéis a úsáidfear chun a chinneadh cé na tionscail ina bhfuil daoine ag obair. Déantar na hearnálacha a chur i gcomparáid thar am chun treochtaí agus rátaí athraithe i gcineálacha tionscail a thaispeáint.


Treoirlínte faoi cheist 31 a fhreagairt:

  • Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an tuairisc a thugtar mion a dóthain chun a códú a chumasú.
  • Is ceart an cheist seo a fhreagairt ag na daoine sin amháin atá ag obair nó dífhostaithe .i. iad sin a thug le fios i gCeist 24 go raibh siad "Ag obair le haghaidh íocaíochta nó brabúis" nó "Dífhostaithe"
  • Ní gá dóibh sin atá scortha an cheist a fhreagairt. Is ceart i ngach cás tic a chur le ceann de na roghanna sa dara cuid de cheist 31 mar go gcabhróidh sé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh an tionscal a rangú go hiomlán.
Iontráil Neamhleor Iontráil a d'fhéadfadh a bheith ceart
Ríomhairí Déanann Ríomhairí
Gluaisteáin Deisíonn Gluaisteáin
Oideachas Bunoideachas
Bia Mórdhíoltóir Aráin
Cógais Déanann Cógais
Glantachán Conradh-Ghlantachán Oifigí
Bogearraí Orbairt agus Tachaíocht Bogearraí
Caitheamh Aimsire Linn Snámha
Údarás Áitiúil

Roinn Glantacháin Údaráis Áitiúil

Roinn Tithíocht Údaráis Áitiúil

Seirbhís Leabharlainne Údaráis Áitiúil