Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ceist 20 - 21 Leibhéal Oideachais

Bainfear úsáid as na freagraí ar cheist 20 agus ceist 21 chun monatóireacht a dhéanamh ar thionchar polasaithe oideachais, leibhéil athraitheacha scileanna agus a mhéid a bhaineann daoine úsáid as a gcáilíochtaí foirmiúla.

Roinnt treoirlínte faoi cheisteanna 21 a fhreagairt:

  • I gcás daoine ar cuireadh oideachas orthu nuair a bhí socruithe institiúideacha difriúil leis na socruithe sin atá i bhfeidhm faoi láthair nó nár cuireadh oideachas orthu in Éirinn, is ceart rogha choibhéiseach a dhéanamh.
  • Is ceart do dhuine nár fhreastail ach ar leibhéal bunoideachais 2 Bunoideachas a roghnú. Is ceart do dhuine a d'fhreastail ar scoil iar-bhunoideachais ach a d'fhág gan dul faoi scrúdú an Teastais Shóisearaigh, na Meánteistiméireachta, an Teastais Grúpa, srl. an rogha sin a dhéanamh chomh maith.
  • I gcás duine a chuaigh faoi na scrúduithe liostaithe faoi roghanna 3 (Iar-bhunoideachas íseal) agus 4 (Iar-bhunoideachas ard), is ceart an leibhéal iomchuí oideachais bainte amach a roghnú, cuma cé na torthaí a baineadh amach.
  • I gcás duine a chríochnaigh go rathúil clár iar-Ardteistiméireachta (VPT2) nó cúrsa rúnaíochta nó tráchtála a mhair bliain nó níos mó mar aon leis an Ardteistiméireacht, is ceart Iar-bhunoideachas ard agus Cáilíocht Theicniúil… a roghnú.
  • Is ceart do dhuine a rinne iarracht cúrsa tríú leibhéal a dhéanamh ach nár bhain an teastas, dioplóma nó céim i gceist amach an rogha chuí Leibhéal Iar-bhunoideachais a dhéanamh.

Ar ais go barr

Ceist 22 - Cáilíochta triú leibhéal

Tá faisnéis rialta ar leibhéil scileanna riachtanach chun monatóireacht a dhéanamh ar cibé acu an bhfreastalaíonn nó nach bhfreastalaíonn an oiliúint ar riachtanais an mhargaidh fostaíochta.

Úsáideann an Rialtas agus fostóirí na sonraí sin chun a mheas an bhfuil dóthain daoine ann leis an oideachas agus oiliúint riachtanach i réimsí ar leith den líon saothair. Baintear úsáid as an bhfaisnéis chun cláir nua a fhorbairt chun freastal ar riachtanais athraitheacha ár lín saothair.

I ndaonáirimh roimhe seo, níor taifeadadh ach cáilíochtaí eolaíocha agus teicneolaíocha. Le fairsingiú na ceiste seo chun gach cáilíocht tríú leibhéal a fholú soláthrófar faisnéis níos iomláine.

Roinnt treoirlínte faoi cheist 22 a fhreagairt:

  • Is ceart go mbeadh daoine a fhreagraíonn an cheist seo tar éis tic a chur le cáilíocht tríú leibhéal ag Ceist 21: An leibhéal is airde oideachais atá críochnaithe go nuige seo.
  • Ní ceart an cheist seo a fhreagairt ach ag daoine a bhfuil cáilíochtaí bainte amach acu i ndiaidh 2 bhliain staidéir nó níos mó ag ollscoil nó coláiste tríú leibhéal. Tá cúrsaí bliana iar-Ardteistiméireachta eisiata ach go háirithe.
  • Is ceart do dhaoine a chríochnaigh céimeanna inar clúdaíodh níos mó ná réimse amháin ábhair a chur leis na réimsí ábhair sin amháin a tógadh mar chuid den scrúdú deiridh dá gcéim nó dioplóma.
  • I gcás go gcríochnaíonn duine Céim Mháistreachta i mbliain amháin, is ceart glacadh leis sin mar cháilíocht tríú leibhéal bainte amach i ndiaidh 2 bhliain staidéir nó níos mó a chríochnú mar go mbainfeadh na blianta staidéir fochéime le hábhar sa chás sin. Is ceart gurb é/iad an t-ábhar/na hábhair a thugtar an t-ábhar/na hábhair sin a glacadh don Chéim Mháistreachta.

Ar ais go barr

Ceist 23 - Cúramóirí

Le torthí cheist 23 cabhrófar chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a sholáthraítear cúnamh pearsanta neamhíoctha ag cúramóirí inár sochaí, in éineacht le tréithe déimeagrafacha agus socheacnamaíocha na gcúramóirí féin. Tá an cheist seo á cur den chéad uair i nDaonáireamh 2002.

Roinnt treoirlínte faoi cheist 23 a fhreagairt:

  • Ní fhéachtar ar 'liúntas cúramóra' mar íocaíocht chun críocha na ceiste seo.
  • Ní fhéachtar ar fhoireann 'béilí ar rothaí' mar chúramóirí chun críocha na ceiste seo.

Ar ais go barr

Ceist 24 - Príomhstádas eacanamaíochta

Soláthróidh ceist 24 faisnéis ar phríomhstádas eacnamaíochta, rud a ligeann dúinn daoine atá 15 bliana d'aois agus os a chionn sin a aicmiú mar iad sin laistigh agus lasmuigh den líon saothair.


Roinnt treoirlínte faoi cheist 24 a fhreagairt:

Mar go dteastaíonn príomhstádas eacnamaíochta an duine, ní ceart tic a chur ach le ceann amháin de na hearnálacha liostaithe.

Is ceart do na daoine seo a leanas tic a chur le "Ag obair le haghaidh íocaíochta nó brabúis":

  • Daoine atá féinfhostaithe.
  • Daoine atá fostaithe go príomha mar 'ag cabhrú le gaol' ar fheirmeacha, i siopaí nó in aon fhiontair tráchtála eile fiú mura bhfaigheann siad aon íocaíocht nó aon íocaíocht rialta.
  • Sagairt, mná rialta agus bráithre seachas nuair atá siad Scortha.. nó Gan a bheith in ann obair a dhéanamh de dheasca ....
  • Daoine atá as láthair go sealadach ó obair de dheasca breoiteachta, saoire, srl
  • Printísigh atá ar fostú agus atá ag freastal ar scoil nó coláiste teicniúil freisin.

Is ceart do mhic léinn lánaimseartha atá ar fostú go páirtaimseartha tic a chur le "Mac léinn nó dalta".

Ar ais go barr