Ceist 14 - 15 Míchumas
Soláthróidh torthaí cheisteanna 14 agus 15, in éineacht le torthaí ceisteanna eile, sonraí tábhachtacha faoin líon daoine a laghdaítear a ngníomhaíochtaí mar thoradh ar mhíchumas agus faoi iarmhairt an mhíchumais ar a saol.
Roghnaíodh na ceisteanna sin i ndiaidh roinnt cruinnithe le saineolaithe ó na scáthchomhlachtaí míchumais éagsúla agus ó ranna rialtais.
Rinneadh foirmiú na gceisteanna seo a cheapadh i dtosach báire sna Stáit Aontaithe agus folaíodh mar chuid dá gceistneoir le haghaidh Dhaonáireamh 2000 iad. Rinneadh na ceisteanna a phíolótú i dtástáil phíolótach Mheán Fómhair 1999 a rinneadh in Éirinn agus fuarthas amach go raibh siad torthúil.
Roinnt treoirlínte faoi cheisteanna 14 agus 15 a fhreagairt:
Ceist 16-18 Patrún chomaitéireachta
Leis na freagraí a fhaightear ar cheisteanna 16 go 18 in éineacht leis an seoladh ag a n'oibríonn daoine soláthrófar faisnéis luachmhar ar phatrúin chomaitéireachta chun bonneagar iompair phoiblí a phleanáil. Aithníonn gnáthchóir thaistil na modhanna difriúla iompair a úsáideann coimitéirí. Soláthróidh an t-am a fhágtar an baile faisnéis ar an méid taistil coimitéireachta de réir cineáil iompair ag tréimhsí ama difriúla le linn gnáthlae. Soláthróidh achar agus am taistil de ghnáth faisnéis ar éifeachtacht na modhanna difriúla iompair.
Roinnt treoirlínte faoi cheisteanna 16-18 a fhreagairt: