Ceist 10 -Stáda Pósta
Taispeánfaidh ceist 10 athruithe i bpatrúin stádais pósta thar am. Cuirfear spéis mhór sa cheist seo i ndiaidh an reifrinn ar cholscaradh.
Ceist 11 - An Ghaeilge
Soláthróidh ceist 11 faisnéis chun cabhrú chun monatóireacht a dhéantar ar pholasaithe agus chun seachadadh seirbhísí a phleanáil maidir leis an nGaeilge. Go háirithe, cuirfidh na torthaí ar chumas pleanálaithe polasaí an chaoi ina n-athraíonn oilteacht líofacht agus úsáid na teanga de réir aoise agus páirtíochta san oideachas a mheas.
Ceist 12 - Creidimh
Soláthraíonn Ceist 12 faisnéis ar an líon daoine ó gach aicme chreidimh. Cuirtear an cheist sin sa daonáireamh gach deich mbliana.
Tá na haicmí creidimh a liostaítear roghnaithe chun tromlach na n-aicmí creidimh a chlúdach. Féadfaidh daoine Eile a mharcáil
() agus CAITLICEACH GAN CHLEACHTADH, PREISPITÉIREACH GAN CHLEACHTADH, srl. a scríobh, más mian leo.
Ní thagraíonn an cheist do rialtacht láithreachta in eaglais.
Ceist 13 - Lucht Taistil
Áiríodh Ceist 13 tar éis go bhfuarthas aighneachtaí ó roinnt eagraíochtaí atá ionadaitheach do Lucht Taistil na hÉireann agus ó ghrúpaí comhionannais éagsúla. In éineacht le ceisteanna eile ar an bhfoirm, cabhróidh sí chun comparáid a dhéanamh idir tréithe déimeagrafacha agus socheacnamaíocha taistealaithe agus tréithe déimeagrafacha agus socheacnamaíocha an phobail i gcoitinne.