Ceist 1 - Ainm
Tá an t-ainm riachtanach chun a chinntiú go bhfuil gach duine sa teaghlach clúdaithe agus chun cabhrú leis an gceann teaghlaigh a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis phearsanta cheart taifeadta i gcás gach pearsan aonair. Leis an ainm taifeadta cabhraítear freisin chun cásanna a aithint ina bhfuil foirmeacha ar iarraidh nó ann faoi dhó. Féadfaidh na hainmneacha cabhrú chun grúpaí teaghlaigh a shainaithint. Ní coinnítear iad mar chuid den fhaisnéis ríomhairithe.
Ceist 2 - Gneas
Úsáidtear na freagraí ar cheist 2 chun treochtaí a thomhas agus a chur i gcomparáid i dtaca le réimsí mar oideachas, fostaíocht/dífhostaíocht, srl. Cabhraíonn an fhaisnéis seo linn róil athraitheacha fear agus ban inár dteaghlaigh, inár bpobail agus sa líon saothair a thuiscint.
Ceist 3 - Comhdhéanamh Teaghlaigh
Bunaíonn ceist 3 gnáthsttructúr na dteaghlach in áiteanna cónaithe príobháideacha. Ó na freagraí ar an gceist seo féadfaimid a fháil amach cé mhéid leanbh a chónaíonn le tuismitheoir amháin nó le beirt thuismitheoirí agus cé mhéid duine a chónaíonn ina n-aonar. Léiríonn an fhaisnéis athruithe sna cineálacha teaghlach agus cabhraíonn sí chun pleanáil a dhéanamh maidir le cláir tithíochta, leasa shóisialta agus seirbhísí fostaíochta.
Ceist 4 - Aois
Tá faisnéis ar phróifíl aoise an daonra riachtanach chun athrú eacnamaíoch, sóisialta agus déimeagrafach a mheas. Cabhraíonn sí chun spriocdhíriú ar an seachadadh seirbhísí sláinte, oideachais, leasa shóisialta, tithíochta agus seirbhísí eile pobail.