Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

An Fhoirm Daonáirimh

Tá an t-eolas sa leathanach seo bainteach leis an bhFoirm Daonáirimh. Beidh tú in ann cóipeanna samplacha den Daonáireamh a íoslódáil chomh maith le rochtain a fháil ar naisc le faisnéis eile faoin bhfoirm.


Faoin bhFoirm Daonáirimh

Tá gach Foirm Daonáirimh athdheartha leis an scanadh i gceist.
Is féidir suas le seisear atá i láthair sa teaghlach oíche an Daonáirimh a áireamh sa phríomhfhoirm teaghlaigh. Nuair atá níos mó ná seisear i láthair baintear úsáid as foirm leanúna ar féidir seisear breise a áireamh ann.
Lorgaíonn an fhoirm teaghlaigh faisnéis theoranta freisin faoi dhaoine atá go sealadach as baile ón teaghlach Oíche an Daonáirimh.


Tá foirm liostaithe ar fáil do bhunaíochtaí comhchoiteanna. Déantar gach duine atá i láthair sa bhunaíocht chomhchoiteann Oíche an Daonáirimh a liostú ar an bhfoirm agus faigheann siad foirm pearsan aonair le comhlánú.


Tá leagan Gaeilge den fhoirm teaghlaigh, foirm leanúna, foirm liostaithe agus foirm pearsan aonair ar fáil le comhlánú ag aon duine a dteastaíonn ceann uaidh/uaithi.


Ina theannta sin, tá príomhthéacs na foirme teaghlaigh aistrithe go hAlbáinis, Fraincis, Polainnis, Rómáinis agus Rúisis chun cabhrú le daoine nach bhfuil chomh heolach, b'fhéidir, ar Ghaeilge nó Béarla.

Is féidir cóipeanna samplacha de na foirmeacha go léir a íoslódáil ón láithreán seo.

Íoslódáil an fhoirm(PDF 515KB)

Treoir Chéim ar Chéim don Daonáireamh