Tá dhá leagan d'fhoirmeacha in úsáid sa Suirbhé Píolótach. Tá éagsúlachtaí sna ceisteanna agus sna roghanna freagra idir an dá chineál foirme. Tá sé seo déanta le tástáil a dhéanamh ar hinmharthanacht ceisteanna éagsúla a bhféafaí úsáid i nDaonáireamh 2011.
Chomh mhaith le tástáil a dhéanamh ar athruithe ar cheisteanna a bhaineann le réimsí éagsúla a bhí clúdaithe i nDaonáireamh 2006, tá tástáil á dhéanamh freisin ar cheisteanna nua a bhaineann le teangacha a labhraítear sa bhaile, sláinte ghinearálta, ábhar staidéir agus breosla in úsáid don téamh lárnach.
Is féidir an dá leagan den Fhoirm Theaghlaigh a íoslódáil anseo: Foirm Theaghlaigh A (PDF 295KB) nó Foirm Theaghlaigh B (PDF 281KB)
Is féidir an leagan Gaeilge den Fhoirm Theaghlaigh a íoslódáil anseo: Foirm Theaghlaigh as Gaeilge (PDF 310KB)
Chomh maith, tá aistriúchán ar na ceisteanna ar Fhoirm Phíolótach A ar fáil i Sínis, i bhFraincis, i bPolainnis agus i Rúisis mar chúnamh leis an leagan Béarla nó Gaeilge de na Foirmeacha Píolótacha a chomhlánú. Is féidir na haistriúcháin a íoslódáil anseo.