Tabharfaidh Daonáireamh 2002 léargas cuimsitheach ar dhálaí sóisialta agus maireachtála ár bpobail ag tús an aonú haois is fiche. Ní féidir ach le daonáireamh mionchuntas iomlán dá leithéid a sholáthar. Ní chun na críche sin amháin atá an daonáireamh, áfach! Is uirlisí riachtanacha iad na torthaí chun polasaithe, pleanáil ahus cinnteoireacht éifeachtúiul a chur in gcrích.
Tá Éire ag déanamh Daonáireamh ó 1841 i leith. Cuireann sé sin ar ár gcumas forbairtí a rianadh thar thréimshe fhada le cruinneas mór. Mar sin, is cuid bhunúsach dár n-oidhreacht náisiúnta agus dár gcomheolas é an daonáireamh.
Ar leibhéal náisiúnta tá staidreamh daonra reatha riachtanach chun an soláthar cúraim sláinte, oideachais, fostaíochta, srl. a phleanáil. Tá figiúirí réigiúnacha fíorthábhachtach chun polasaí réigiúnach a chinneadh agus chun údaráis réigiúnacha (m.sh. Boird Sláinte) a oibriú.
Is é an láidreacht is mó atá ag an daonáireamh ná an soláthar figiúirí daonra mionsonraithe ag leibhéal áitiúil. Cabhraíonn siad sin chun an t-éileamh dóchúil ar scoileanna agus ospidéil, réimsí dífhostaíochta réasúnta , an suíomh is fearr le haghaidh siopaí nua, srl. a shainaithint.
Leagann Airteagal 16.2 de Bhunreacht na hÉireann amach go mbraitheann comhaltas iomlán Dháil Éieann ar an daonra mar a thomhaistear ag an daonáireamh (.i. 1 TD in aghaidh gach 20,000 go 30,000 den daonra). Is gnách go mbíonn athbhreithnithe dáilcheantair ann nuair atá torthaí cinnte an daonáirimh foilsithe.
Is é an daonáireamh freisin an t-aon mheán chun méid cruinn na himirce a thomhas. Trí thorthaí daonáireamh leanúnach a chur i gcomparáid, agus tríd an méid breitheanna agus básanna a bhí ann thar an tréimhse chéanna a chur san áireamh, faighimid tomhas cruinn ar ghlan-imirce (an difríocht idir imirce isteach agus imirce amach). Sa tréimhse cúig bliana dar críoch Aibreán 2001 mheas an Phríomh-Oifig Staidrimh go raibh glan-inimirce timpeall thart ar 103,000 duine. Léiríonn sé sin an difríocht idir 121,000 a d'fhág an tír agus 224,000 a tháinig isteach sa tír. Mar go bhfuil comhdhéanamh an dá shreabhadh sin difriúil go mór (.i. daoine óga go príomha ag fágáil agus daoine níos sine, le teaghlaigh go minic, ag filleadh) téann méid na himirce i gcion go mór ar leibhéal agus struchtúr an daonra. Mar gheall air sin, tá an luí ann go mbíonn treochtaí i ndaonra na hÉireann tugtha don mhear-athrú. Is é sin ceann de na cúiseanna go ndéantar daonáireamh gach cúig bliana.