Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

  • Coinnítear an t-eolas a sholáthraítear faoi rún.
  • Déileálfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh le gach eolas a bailítear sa daonáireamh faoi rún daingean agus is ar chúiseanna staidrimh amháin a úsáidfear é.
  • Ní dhéanfar ainmneacha na bpearsan aonair a iontráil in aon bhunachar sonraí ríomhaire.
  • Ní bheidh rochtain ag aon Roinn nó Oifig nó Gníomhaireacht Rialtais ar fhaisnéis inaitheanta a bhaineann le pearsana aonair nó teaghlaigh.
  • Tá rúndacht gach faisnéise a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh ó phearsana aonair, teaghlaigh nó gnó, ráthaithe de réir dlí.
  • Oibríonn an PhOS mar "shráid aonbhealaigh" sa mhéid go dtagann sonraí inaitheanta isteach ach nach bhfágann siad an Oifig.
  • Cuirtear béim ar an ngá le rúndacht san oiliúint a fhaigheann foireann allamuigh agus cheannoifig na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Féadfaidh an pionós a fhorchuirtear i gcás aon sáraithe ag baill fóirne a bheith chomh hard le €25,000. Cuirtear gach ball foirne ar an eolas go hiomlán faoina ndualgais dleatha ina leith sin.
  • Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh bródúil, go ceart, as an teist gan smál atá uirthi maidir le rúndacht sonraí a chosaint. Is é ceann dár bpríomhthosaíochtaí é an teist sin a chothú.