Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Rinneadh tástáil phíolótach daonáirimh i mí Mheán Fómhair 1999. Bunaithe ar thorthaí na tástála sin agus i ndiaidh cinnidh Rialtais cuireadh roinnt ceisteanna nua le Daonáireamh 2002. Folaíonn siad sin:

Ceisteanna nua

  • Úinéireacht ríomhaire phearsanta agus rochtain ar an Idirlíon
  • Náisiúntacht
  • Más ball de Lucht Taistil na hÉireann thú
  • Míchumas (2 cheist)
  • An t-am a fhágann tú an baile chun dul chun oibre, chun scoile nó chun coláiste agus cá fhad a thógann an turas
  • Cáilíochtaí tríú leibhéal atá agat
  • An soláthraíonn tú cúnamh rialta gan phá do chara nó do bhall den teaghlach
  • Páirtíocht sa mhargadh fostaíochta de réir mholtaí na hOifige Saothair Idirnáisiúnta
  • Ina theannta sin, cuirtear líon teoranta ceisteanna ar dhaoine atá ina ngnáthchónaí sa teaghlach ach atá as láthair Oíche an Daonáirimh.

Is féidir na cúiseanna go gcuitear ceisteanna áirithe a fháil anseo in éineacht le táblaí a léiríonn conas a úsáidtear na freagraí.

Folaíonn Daonáireamh 2002 ceisteanna ar thithíocht freisin.
Déantar daonáirimh na hÉireann de ghnáth i mblianta a chríochnaíonn i "1" agus "6". Clúdaíonn na daonáirimh a déantar i mblianta a chríochnaíonn i "6" ceisteanna a bhaineann le pearsana aonair amháin cé go gclúdaíonn na daonáirimh a dhéantar i mblianta a chríochnaíonn i "1" (lena n-áirítear Daonáireamh 2002) tréithe tithíochta anuas ar na ceisteanna pearsanta.