Mionchuntas ar gach duine atá i láthair sa tír Oíche an Daonáirimh atá i gceist le Daonáireamh. Ar an oíche seo déantar sonraí gach duine a chur ar fhoirm dhaonáirimh. Áiríonn an daonáireamh gach duine ionas gur féidir linn déanamh amach cé mhéad daoine atá sa tír, agus is féidir linn freisin anailís a dhéanamh ar na hathruithe a tharla ó tógadh áirimh dheireanacha daonra.
Chomh maith le bheith in ann méad an daonra a mheas, cuirtear roinnt ceisteanna difriúla eile a bhaineann le teaghlaigh agus le daoine aonair i ndaonáireamh. Ar an mbealach sin is féidir linn fáil amach conas a dtéann daoine chun na hoibre, cén sórt cóiríochta ina gcónaíonn muid, cé mhéad daoine atá i ngach grúpa gairme agus go leor eile.
Cé a chuireann an Daonáireamh i gcrích?
Mar is gnáth beidh An Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) ag cur Daonáirimh 2011 i gcrích. Oifig neamhspléach í an POS agus bunaíodh í sa bhliain 1949. Bíonn sí ag feidhmiú faoi choimirce Roinn an Taoisigh lena neamhspléachas staitisticiúil agus rúndacht an eolais a bhailíonn sí a chinntiú.