Treisíodh neamhspleáchas na hOifige agus an rúndacht sonraí leis an Acht Staidrimh, 1993, (nasc anseo leis an Acht Staidrimh) a bhunaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh mar chomhlacht reachtúil sa Státseirbhís.
Mar sin féadfaidh an pobal a bheith cinnte go ndéighleálfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn siad faoi rún daingean. Ní úsáidfear í ach chun críocha staidrimh amháin, agus déanfar na torthaí a ullmhú agus a chraobhscaoileadh ar bhealach cóir agus neamhchlaon.