Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tréimhse: an 6 Feabhra go dtí an 20 Márta 

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag glacadh le haighneachtaí ó úsáideoirí sonraí anois maidir le haschuir sonraí ó Dhaonáireamh 2021.

Tá dhá ghné ar leith i gceist sa chomhairliúchán poiblí le haghaidh Dhaonáireamh 2021.  Ba é an chéad ghné díobh sin an comhairliúchán poiblí ar an méid a bheidh san fhoirm, beart atá tugtha chun críche anois.  I measc na gcéimeanna sa phróiseas sin bhí glacadh le haighneachtaí ón bpobal, Grúpa Comhairleach Daonáirimh a thionól ar a raibh úsáideoirí saineolacha, Treoirshuirbhé faoin Daonáireamh, anailís sonraí agus comhaontú úsáideora. D'fhaomh an Rialtas an méid a bheidh i nDaonáireamh 2021 i mí Iúil 2019.  Tá tuarascáil iomlán ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Sa dara cuid de phróiseas comhairliúcháin na Príomh-Oifige Staidrimh leis an bpobal, féachtar le tuairimí a fháil uathu siúd a bhaineann úsáid as sonraí daonáirimh faoi na haschuir a tháirgfear ar bhonn Dhaonáireamh 2021.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tabhairt cuireadh do gach úsáideoir sonraí, idir dhaoine aonair agus eagraíochtaí, a chur in iúl cé na riachtanais atá acu i dtaobh sonraí i gcomhair Dhaonáireamh 2021 agus cé na moltaí atá acu maidir le haschuir ón Daonáireamh sin trí fhreagra a thabhairt ar na cúig cheist sa suirbhé ag an nasc thíos.  Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt ón 6 Feabhra go dtí an 20 Márta.  Scrúdóidh an Phríomh-Oifig Staidrimh na haighneachtaí go léir a gheofar agus bainfidh sí leas astu chun bonn eolas a chur faoi Straitéis Scaipthe Dhaonáireamh 2021.  Foilseofar an straitéis sin ar www.cso.ie níos deireanaí i mbliana. Foilseofar liosta táirgí staidrimh, agus amchlár ag gabháil leo, sa chéad leath den bhliain 2021. 

Féach an fhoirm daonáireamh 2021 chun cúnamh aiseolas a thabairt ar Chomhairliúchán maidir leis na Táirgí Aschir 2021.

Chun páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, cliceáil anseo le do thoil.

Mar mhalairt air sin, is féidir leat aighneachtaí a sheoladh ar an ríomhphost chuig census2021outputs@cso.ie.  Scríobh 'Comhairliúchán faoi Dhaonáireamh 2021' i líne an ábhair le do thoil.

Tá fáilte roimh aighneachtaí scríofa freisin.  Ba chóir iadsan a sheoladh chuig:

 

Comhairliúchán faoi Dhaonáireamh 2021.

An Phríomh-Oifig Staidrimh, Sord,

Campas Gnó Shoird,

Bóthar Bhaile Anraí,

Sord,

Bhaile Átha Cliath,

K67 D2X4.

Is é an dáta deiridh le haghaidh freagraí, idir fhreagraí ar líne agus freagraí scríofa, an 20 Márta 2020.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh faisnéis a sholáthróidh tú mar chuid den chomhairliúchán seo a bheith faoi réir iarrataí um Shaoráil Faisnéise.  Níl feidhm ag an méid sin maidir le sonraí pearsanta, áfach; beidh sonraí den sórt sin faoi rún agus ní dhéanfar iad a chomhroinnt.

Ní féidir moltaí maidir le hathruithe ar cheisteanna nó ceisteanna nua i gcomhair Dhaonáireamh 2021 a bhreithniú sa chuid seo den chomhairliúchán.

Go raibh maith agat as ucht spéis a chur i nDaonáireamh 2021.