Is é atá sa Daonáireamh ná áireamh mionsonraithe ar gach duine a bheidh sa tír oíche Dé Domhnaigh, ar an 23 Aibreán. Déanfar sonraí gach duine a iontráil ar fhoirmeacha Daonáirimh an oíche sin. Áiríonn an Daonáireamh gach duine chun go mbeidh a fhios againn cé mhéad duine atá sa tír agus chun gur féidir linn anailís a dhéanamh ar aon athruithe a tharla ó dhaonáirimh roimhe.
Chomh maith le bheith in ann méid ár ndaonra a fháil amach, cuirtear roinnt ceisteanna difriúla sa Daonáireamh a bhaineann le teaghlaigh agus pearsana aonair. Tugann sé sin deis dúinn a fháil amach faoi nithe mar conas a théann daoine chun oibre, cén cineál cóiríochta ina gcónaímid, cé mhéad duine atá i ngach grúpa gairme agus cuid mhaith eile. Má fhéachann tú ar na ceisteanna a chuirtear san fhoirm Daonáirimh tabharfar léargas duit ar an méid a bheimid in ann a insint nuair a foilseofar na torthaí.
Cé a dhéanann an Daonáireamh?
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) ag déanamh an daonáirimh mar is gnách. Is Oifig neamhspleách í an Phríomh-Oifig Staidrimh a bunaíodh sa bhliain 1949. Oibríonn sí faoi choimirce Roinn an Taoisigh chun a neamhspleáchas staitistiúil agus rúndacht na sonraí a bhailíonn sí a ráthú.
Cén obair atá i gceist?
Is é an daonáireamh an oibríocht staidrimh is mó atá déanta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh. Is é an ceann is déine é freisin, mar nach mór an obair allamuigh a chríochnú thar thréimhse réasúnta gairid agus nach mór áireamh iomlán ar gach duine sa tír oíche an Daonáirimh a fháil.
Is féidir a thuilleadh eolais a fhail faoi cad a tá i gceist ar leathanach 'Obair a bhaineann leis'.