› Cén cúnamh atá ar fáil do dhaoine lagamhairc?
› Cén cúnamh atá ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu?
Cén cúnamh atá ar fáil do dhaoine lagamhairc?
Tá socruithe speisialta curtha i bhfeidhm chun cabhrú le daoine lagamhairc a bhfoirmeacha Daonáirimh a chomhlánú. Sa chéad ásc, tá an t-áiritheoir oilte chun aon chineál cúnaimh a d'fhéadfaí a iarraidh a ofráil. Ina theannta sin, tá leagan cló mhóir den fhoirm phearsanta chomh maith le leaganacha i mBraille agus ar chloschaiséad soláthairte i gcomhairliúchán le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Ceadaíonn an leagan cló mhóir den cheistneoir do dhaoine lagamhairc freagairt go díreach i ndáil lena gceistneoir Daonáirimh féin. Má sholáthraítear an fhreagairt do leaganacha Braille nó closchaiséid an cheistneora ar asphrionta nó discéad, glacfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh leis sin.
Cén cúnamh atá ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu?
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tar éis a bheith i dteagmháil leis an Áisínteacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (ANLA) atá tar éis toiliú úsáid a bhaint as na Foirmeacha Daonáirimh mar chuid dá gcláir oiliúna, mar is cuí. Tá oiliúint curtha ar áiritheoirí chun cúnamh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh deacracht a bheith aige/aici i gcomhlánú a F(h)oirme Daonáirimh.