Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cad é an Daonáireamh?

Cén fáth go mbíonn Daonáireamh againn?

An bhfuil sé éigeantach?

Cén fáth go gcaithfidh mé m'ainm a thabhairt?

Cén fáth go gcuirtear an méid sin ceisteanna?

Cé a dhéanann an Daonáireamh?

An bhféadfadh bradaithe briseadh isteach i ríomhaire na Príomh-Oifige Staidrimh agus rochtain a fháil ar fhaisnéis ar m'Fhoirm Daonáirimh?

Cén fáth nach féidir liom mo thuairisceán Daonáirimh a dhéanamh go leictreonach?

Cathain a bheidh torthaí an Daonáirimh ar fáil?

Cad é an Daonáireamh?
Is é atá sa Daonáireamh ná áireamh mionsonraithe ar gach duine sa tír oíche Dé Domhnaigh, an 23 Aibreán. Ar oíche Daonáireamh, ní mór gach duine sa tír a áireamh ar Fhoirm Daonáirimh agus a bheith mar chuid den áireamh oifigiúil daoine agus áiteanna cónaithe a dhéantar in Éirinn gach cúig bliana de ghnáth. Sa roinn faoin daonáireamh den láithreán seo tugtar faisnéis níos mionsonraithe. Níl le déanamh ach cliceáil anseo.

ar ais go barr

Cén fáth go mbíonn Daonáireamh againn?
Is uirlisí riachtanacha iad torthaí an daonáirimh a theastaíonn chun críocha polasaí, pleanála agus cinnteoireachta éifeachtúla. Ar leibhéal náisiúnta tá staidreamh daonra reatha riachtanach chun an soláthar cúraim sláinte, oideachais, fostaíochta, srl. a sholáthar.

RTá figiúirí réigiúnacha fíorthábhachtach chun polasaí réigiúnach a chinneadh agus chun údaráis réigiúnacha (e.g. Boird Sláinte) a oibriú. Is é an láidreacht is mó atá ag an Daonáireamh ná an soláthar figiúirí daonra mionsonraithe ag leibhéal áitiúil. Cabhraíonn siad sin chun an t-éileamh dóchúil ar scoileanna agus ospidéil, réimsí dífhostaíochta réasúnta ard, an suíomh is fearr le haghaidh siopaí nua, srl. a shainaithint.

Is é an daonáireamh freisin an t-aon mheán chun méid cruinn na himirce a thomhas. Trí thorthaí Daonáireamh leanúnach a chur i gcomparáid, agus tríd an méid breitheanna agus básanna a bhí ann thar an tréimhse chéanna a chur san áireamh, faighimid tomhas cruinn ar ghlan-imirce (an difríocht idir imirce isteach agus amach).

An bhfuil sé éigeantach?

Tá. Ní mór gach duine atá i láthair sa tír Oíche an Daonáirimh a áireamh. Sin é an dlí.

Cén fáth go gcaithfidh mé m'ainm a thabhairt?
Tá an t-ainm riachtanach chun a chinntiú go bhfuil gach duine sa teaghlach clúdaithe agus chun cabhrú leis an gceann teaghlaigh a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis phearsanta cheart taifeadta i gcás gach pearsan aonair. Leis an ainm taifeadta cabhraítear freisin chun cásanna a aithint ina bhfuil foirmeacha ar iarraidh nó ann faoi dhó. Féadfaidh na hainmneacha cabhrú chun clanna laistigh de theaghlaigh a shainaithint. Ní choinnítear iad mar chuid den fhaisnéis ríomhairithe.

ar ais go barr

Cén fáth go gcuirtear an méid sin ceisteanna?
Folaíonn gach Daonáireamh ceisteanna ar thopaicí bunúsacha Déimeagrafacha agus sóisialta mar aois, gnéas, stádas pósta, oideachas, stádas fostaíochta agus slí bheatha. Is deis uathúil é an Daonáireamh chun faisnéis luachmhar a bhailiú agus déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh iarracht cothromú a dhéanamh idir an gá le faisnéis ar thaobh amháin agus an t-ualach ar fhreagraithe a laghdú ar an taobh eile.


San fhoirm teaghlaigh faightear ceisteanna a bhaineann le tréithe teaghlaigh agus pearsana aonair.


Soláthraíonn na freagraí ar na ceisteanna ar thréithe teaghlaigh faisnéis thábhachtach ar cháilíocht ár stoic tithíochta.


Le haghaidh na gcúiseanna go gcuirtear ceisteanna aonair féach an Treoir Chéim ar Chéim don Fhoirm Daonáirimh.

Cé a dhéanann an Daonáireamh?
Tá an Daonáireamh eagraithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) a fhostaíonn líon foirne allamuigh sealadach de 5,000 duine, nach mór, chun an Daonáireamh a dhéanamh ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Dáileann thart ar 4,500 Áiritheoir Daonáirimh Foirmeacha Daonáirimh ar gach teaghlach agus bunaíocht chomhchoiteann agus bailíonn siad na Foirmeacha Daonáirimh comhlánaithe ansin. Beidh cártaí aitheantais ag na hÁiritheoirí Daonáirimh go léir.

ar ais go barr

An bhféadfadh bradaithe briseadh isteach i ríomhaire na Príomh-Oifige Staidrimh agus rochtain a fháil ar fhaisnéis ar m'Fhoirm Daonáirimh?
Tá gach beart slándála féideartha glactha ag an bPríomh-Oifigeach Staidrimh (POS) chun a chinntiú go bhfuil ár gcórais slán ó chur isteach seachtrach. Sa chás fíor-neamhdhóchúil go sáraítear na bearta slándála sin, ní fhéadfaí aon fhaisnéis a bhaineann go díreach le pearsa aonair nó teaghlach a fháil mar nach gcuirtear ainmneacha agus seoltaí isteach sa ríomhaire.

Cén fáth nach féidir liom mo thuairisceán Daonáirimh a dhéanamh go leictreonach?
Is mór-oibríocht loighistice é an Daonáireamh. Maidir le freagairtí leictreonacha a éascú ardaíonn sé sin ábhair mhóra imní slándála agus riaracháin. Bheadh gá le huimhir aitheantais úsáideora uathúil agus pasfhocal a sholáthar do gach duine (nó teaghlach) a sheolfadh tuairisceán ar ais bealach an Idirlín chun ionracas na bhfoirmeacha a sheolfaí ar ais a chinntiú. Ní léir ag an gcéim seo an sáraíonn na tairbhí a ghabhfadh le foirmeacha a sheolfaí ar ais go leictreonach an costas a ghabhfadh leis (e.g. neamhfhreagraithe a rianadh, foirmeacha a sheoltar faoi dhó a bhaint, dul chun cinn na hoibríochta allamuigh a chothabháil). De réir oifigí staidrimh eile ar fud an domhain leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh de mhonatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht thabhairt isteach na rogha sin.

Cathain a bheidh torthaí an Daonáirimh ar fáil?
Déanfar réamhthorthaí áirimh cinn (fireannaigh, baineannaigh agus pearsana de réir limistéar beag) a fhoilsiú i 2006.

Tabharfar an chéim aimsithe sonraí den phróiseáil chun críche laistigh de 1 bhliain ón Daonáireamh.

Beidh an raon iomlán torthaí ar fáil laistigh de 2 bhliain ón Daonáireamh.

ar ais go barr