› Faighim Liúntas Cíosa. Cén freagra a thabharfaidh mé ar Cheist H4?
› Níl a fhios agam cén bhliain inar tógadh mo theach. Cén freagra a thabharfaidh mé ar Cheist H2?
› Gluaisteán an teaghlaigh as baile Oíche an Daonáirimh?
Faighim liúntas cíosa ón mBord Sláinte. Ar cheart dom é sin a áireamh sa chíos a íocann an teaghlach agus mé ag freagairt Ceist H4?
Ba cheart. Áirigh an cíos iomlán a íoctar - do chion féin agus cion an Bhoird Sláinte.
Níl a fhios agam cén bhliain inar tógadh an teach ina bhfuilim ag fanacht. Cén freagra a thabharfaidh mé ar Cheist H2?
B'fhéidir go mbeadh a fhios ag duine de na comharsana.
Tá ríomhaire glúine Vtech páiste ag m'iníon. Tá sé in ann rochtain Idirlín a thabhairt. An gcuirfidh mé tic le 'Tá' don Cheist seo?
Cuir, ba cheart tic a chur le 'Tá' don cheist seo.
Ar cheart dom gluaisteán ar le ball den teaghlach é atá as baile go sealadach Oíche an Daonáirimh a áireamh sa fhreagra ar Cheist H9 ag an seoladh seo?
Ba cheart, áirigh feithiclí ar le daoine iad a chónaíonn ag do sheoladh ach atá as baile go sealadach. Lena chois sin, má tá feithicil as ordú go sealadach áirigh í ach ná háirigh aon fheithicil ar dóichí nach rachaidh sí ar an mbóthar arís
› ar ais go barr