Bímid ag earcú go rialta le haghaidh Staitisteoirí/Anailísithe Sonraí, Agallóirí do Shuirbhéanna ar Líonta Tí agus dár gClár do Chéimithe.
Déanaimid earcaíocht go díreach ó am go chéile do shainróil i réimsí amhail Teicneolaíocht Faisnéise, Margaíocht, Acmhainní Daonna agus réimsí Corparáideacha eile. Is féidir leat féachaint ar na róil atá oscailte thíos.
Maidir le gach ról eile, earcaímid trí Publicjobs.ie, Príomhláithreán Gréasáin Earcaíochta na hEarnála Poiblí in Éirinn.
Ag earcú anois do Dhaonáireamh 2027 – 3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh. Déan iarratas anois ar Census.ie.
Má tá aon cheisteanna agat faoi na róil seo, déan teagmháil leis an seoladh ríomhphost seo amháin: census2027recruitment@cso.ie.
Bímid ag earcú go rialta do na poist seo a leanas. Bain úsáid as na naisc thíos chun do spéis a léiriú.