Ar ais go barr

Mar atá ag éirí leis an bPríomh-Oifig Staidrimh

Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].

 Téigh ar aghaidh

A group of CSO employees stand together outside the CSO Cork building
Is féidir a bheith cinnte de go mbainfidh tú gairm thairbheach agus iomaíoch amach sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Sa Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), cuirimid gairm shásúil ar fáil i dtimpeallacht bhríomhar thacúil inar féidir leat barr do chumais a bhaint amach agus tionchar a imirt ar chúrsaí. Is mór againn folláine ár mball foirne, laistigh agus lasmuigh den ionad oibre. Trí thimpeallacht oibre thacúil agus sholúbtha a chothú, tá sé mar aidhm againn sástacht agus rannpháirtíocht fostaithe a chur chun cinn a mbíonn lucht saothair níos sláintiúla agus níos táirgiúla mar thoradh air.

Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh réimse leathan deiseanna ar fáil d'fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil. Mar pháirt lárnach i Státseirbhís na hÉireann, beidh deis agat réimsí éagsúla a fhiosrú, rud a thabharfaidh deis duit conair ghairme uathúil a chruthú atá curtha in oiriúint do do chuid láidreachtaí agus spéiseanna.


Cothromaíocht Oibre is Saoil

Tá sé mar aidhm againn ag an bPríomh-Oifig Staidrimh timpeallacht oibre thacúil sholúbtha a chothú, trínar féidir lenár bhfostaithe a bhfreagrachtaí oibre a bhainistiú agus a bheith in ann aire a thabhairt dá riachtanais agus dá ndualgais phearsanta ag an am céanna. Ní hamháin go gcuireann an cur chuige seo sástacht agus rannpháirtíocht fostaithe chun cinn, ach cuireann sé le lucht saothair níos sláintiúla agus níos táirgiúla freisin.

Seo a leanas cuid de na sochair a chuirimid ar fáil chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a sholáthar dár bhfoireann:

Socruithe Oibre Solúbtha

Cuirimid roinnt roghanna solúbtha oibre ar fáil, lena n-áirítear scéim oibre chumaisc a ligeann don fhoireann oibriú ón mbaile suas le trí lá sa tseachtain.

Deiseanna Comhroinnte Oibre

An scéim chomhroinnte oibre atá againn, dóibh siúd a bhfuil spéis acu a n-uaireanta oibre a athrú.

Polasaithe Saoire

Sa Phríomh-Oifig Staidrimh, is féidir le fostaithe leas a bhaint as polasaithe fairsinge saoire lena n-áirítear saoire bhliantúil, saoire thuismitheoireachta, saoire speisialta chomh maith le saoire mháithreachais agus atharthachta.

Sosanna Gairme

Ar chúis shonraithe, is féidir le fostaithe iarratas a dhéanamh ar shaoire speisialta gan pá ar feadh suas le 5 bliana agus filleadh ar phost den chineál céanna sa Státseirbhís tar éis na tréimhse seo.

Two CSO staff a man and woman collaborating sitting in front of a monitor in the training room

Teistiméireacht

"Bhí ról ar bith a bhí agam an-solúbtha maidir le deis a thabhairt dom déileáil le saol an teaghlaigh agus na hoibre."
– Anne-Marie, Príomhoifigeach Cúnta, Cumarsáid agus Rannpháirtíocht Inmheánach.

Forbairt Phearsanta agus Ghairmiúil

Tuigimid sa Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil a spriocanna aonair féin ag ár bhfostaithe maidir lena bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil. Chun tacú leis seo, cuirimid cláir forbartha pearsanta agus gairmiúla éagsúla ar fáil chun tú a chumasú chun do spriocanna agus do chuspóirí gairme a bhaint amach.

Seo a leanas cuid de na sochair a chuirimid ar fáil chun cabhrú lenár bhfostaithe a spriocanna pearsanta agus gairmiúla a bhaint amach: 

Clár le haghaidh Fostaithe Nua

Cuirimid cláir oiliúna fhairsinge ar fáil, lena n-áirítear an clár Tús Cliste agus an Scéim Páirtíochta chun tacú le fostaithe nua a shocrú isteach sa Phríomh-Oifig Staidrimh. 

Cúrsaí Oiliúna

Cuirimid réimse leathan clár oiliúna ar fáil ar líne agus go pearsanta le deiseanna do chúrsaí idirghníomhacha agus féinstiúrtha araon.

Cuirimid rochtain ar fáil freisin ar sheimineáir ghréasáin, ailt, sraitheanna uirlisí, leabhair, físeáin ar líne, cur i láthair inmheánach, ballraíocht de chomhlachtaí gairmiúla agus go leor eile.

Meantóireacht agus Oiliúint

Cuirimid deiseanna ar fáil chun leas a bhaint as tacaíochtaí Meantóireachta agus Oiliúna.

Breisoideachas

Tacaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le baill foirne atá ag lorg breisoideachais trína Scéim Aisíoctha Táillí.

Cláir Bhainistíochta & Cheannaireachta

Tá roinnt clár bainistíochta ar fáil don fhoireann ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, a thógann scileanna ceannaireachta, straitéise agus cumarsáide dóibh siúd ar mian leo dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm.

Oiliúint Staitistiúil

Ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, cuirimid réimse clár oiliúna staitistiúla ar fáil atá deartha chun do chuid scileanna a ghéarú.

Woman standing speaking to a group of four people seated around a table. Behind her are two display boards with graphics and text that reads Management Development Programme

Teistiméireacht

"Tá neart deiseanna fáis sa Phríomh-Oifig Staidrimh. Is áis iontach í Scéim Aisíoctha Táillí na Príomh-Oifige Staidrimh chun gairm bheatha an duine a fhorbairt. Bhain mé an-tairbhe as. Tá an cultúr ar fheabhas san oifig mar tá go leor scóipe laistigh den oifig ó thaobh scileanna agus taithí nua a fháil tríd an scéim soghluaisteachta inmheánaí."
– Maurice, Oifigeach Feidhmiúcháin, Staitisticí Gnó

Folláine

Chomh maith leis na sochair sholúbtha oibre, cuirimid réimse tionscnamh folláine ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh lena n-áirítear cainteanna cothaithe, ceardlanna éagsúla, agus gníomhaíochtaí éagsúla ar nós foirne spóirt, clubanna leabhar, grúpaí ceoil agus cláir folláine ar nós ióga agus machnamh treoraithe. 

Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh seirbhís rúnda cúnaimh d'fhostaithe ar fáil inar féidir le fostaithe leas a bhaint as réimse leathan tacaíochtaí.

Tionscnaimh Sláinte

I measc na dtionscnamh tá Club Siúil, cainteanna cothaithe, ióga, machnamh, agus cainteanna acmhainneachta agus spreagtha.

Clubanna Spóirt agus Sóisialta

I measc na ngníomhaíochtaí tá club leabhar, ceardaíocht, ceol, sacar, beárbaiciúnna samhraidh agus go leor eile.

An tSeirbhís Cúnaimh d'Fhostaithe

Cuireann an tSeirbhís Cúnaimh d'Fhostaithe tacaíocht rúnda ar fáil do gach fostaí chun cabhrú le réimse ábhar pearsanta agus gairmiúil.


Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú

Is fostóir comhdheiseanna í an Phríomh-Oifig Staidrimh agus tá sí tiomanta go mór do chultúr cuimsithe, cóimheasa agus comhionannais a chothú. Aithnímid go gcuireann lucht saothair ilchineálach go mór le saol na hoibre agus go mbíonn réitigh agus polasaithe níos nuálaí mar thoradh air, a léiríonn an pobal ar a bhfreastalaíonn sé.

I measc na gcéimeanna atá glactha againn chun cultúr tacúil eagraíochta a chothú tá: 

Cultúr Cuimsitheach san Ionad Oibre: Cuireann an eagraíocht timpeallacht chuimsitheach chun cinn ina mbraitheann gach fostaí go bhfuil meas ag daoine eile orthu agus go bhfuil sé de chumhacht acu barr a gcumais a bhaint amach.

Oiliúint agus Feasacht: Reáchtáiltear cláir agus ceardlanna oiliúna rialta chun feasacht ar shaincheisteanna éagsúlachta agus cuimsithe a mhéadú agus chun eolas a thabhairt d'fhostaithe le go mbeidh siad in ann ionad oibre tacúil a chruthú.

Grúpaí líonraithe: Cuirimid ardáin líonraithe inmheánacha ar fáil do ghrúpaí néara-éagsúla, do ghrúpaí faoi mhíchumas, do ghrúpaí LADTA+ agus go leor eile.

Aitheantas agus Gradaim: Bronnadh creidiúnú airgid d'Infheisteoirí san Éagsúlacht ar an bPríomh-Oifig Staidrimh in 2023, ag dearbhú a tiomantais do thionscnaimh chomhionannais agus chuimsithe.

Gnéithe Oifige Inrochtana: Tá sé mar aidhm againn an oifig a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir dár bhfoireann go léir, mar shampla doirse uathoibríocha a chur i bhfeidhm ar fud an fhoirgnimh.

 Tacaíochtaí atá ar fáil: Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do shocruithe réasúnta a chur ar fáil chun tacú le d'aistear earcaíochta. Más duine faoi mhíchumas thú agus má theastaíonn cúnamh uait, nó má tá aon cheist agat, déan teagmháil linn.

A Group of CSO employees standing by the CSO sign

Teistiméireacht

"Mar dhuine a bhfuil baint agam le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú CSO agus le soláthar seirbhísí folláine agus tacaíochta do chomhghleacaithe, is féidir liom a fheiceáil go pearsanta conas a thugann an Oifig tús áite don ghné seo de shaol na hoibre. Go deimhin, is cuid dár gcultúr eagraíochtúil é an fócas seo ar fholláine agus ar éagsúlacht, rud atá an-dearfach ar fad."
– Derry, Príomhoifigeach Cúnta, Acmhainní Daonna

An méid atá le rá ag an bhfoireann

“Sílim gurb é an meascán d'obair ón mbaile agus fleisc-am a dhealaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh ó fhostóirí eile mar gur thug sé an chothromaíocht oibre is saoil is fearr a bhí agam in aon phost dom agus tá sé sin an-tábhachtach domsa.” Katelyn, Oifigeach Cléireachais (Earcaíocht agus Roghnú Acmhainní Daonna)

“Tá deiseanna oiliúna den scoth ar fáil anseo agus moltar duit leas a bhaint astu. Tá go leor oiliúna ar an láthair oibre freisin. I mo thaithí féin, tá cultúr maith ann chun cabhrú le daoine a spriocanna gairme a bhaint amach.” Sophie, Staitisteoir (Suirbhéanna Talmhaíochta)

“Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh go leor deiseanna ar fáil chun úinéireacht a ghlacadh ar thionscadail nua agus spreagúla. Cuireann sé spás ar fáil don nuálaíocht agus do smaointe úra agus tacaíonn sé leat uasoiliúint a dhéanamh i réimsí a théann chun tairbhe duit féin agus don eagraíocht.” Labhaoise, Staitisteoir (Meastacháin agus Réamh-Mheastacháin Daonra)

“Déanann an CSO sár-iarracht freastal ar réimse éagsúil patrúin tinrimh oibre agus cuireann sí bealaí flaithiúla forbartha agus cur chun cinn ar fáil dá foireann.” Gerard, Ardoifigeach Feidhmiúcháin (Sofhreagracht & Nuálaíocht)

Man wearing green lanyard speaking in front of a red board with notes

Teistiméireacht

"Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh go leor deiseanna oiliúna ar fáil, agus ag brath ar do ról, tá deiseanna ann síntionscadail a aimsiú laistigh nó lasmuigh de do réimse oibre."
– Devin, Staitisteoir (Staitisticí Fiontair)

Na róil atá againn

Bímid ag earcú go rialta le haghaidh Staitisteoirí/Anailísithe Sonraí, Agallóirí do Shuirbhéanna ar Líonta Tí agus dár gClár do Chéimithe.

Déanaimid earcaíocht go díreach ó am go chéile do shainróil i réimsí amhail Teicneolaíocht Faisnéise, Margaíocht, Acmhainní Daonna agus réimsí Corparáideacha eile. Is féidir leat féachaint ar na róil atá oscailte ar leathanach na bhFolúntas.

Maidir le gach ról eile, earcaímid trí Publicjobs.ie, Príomhláithreán Gréasáin Earcaíochta na hEarnála Poiblí in Éirinn.