Skip navigation

Is taifid luachmhara staire agus ginealaigh iad seantuairisceáin daonáirimh. Ar an drochuair, loiteadh na tuairisceáin do dhaonáirimh 1813, 1821, 1831, 1841 agus 1851 nuair a dódh Teach an Chustaim sa bhliain 1921.


Scriosadh na tuairisceáin ó dhaonáirimh 1861 agus 1871 d'aon turas. Rinneadh laíon de na tuairisceáin ó dhaonáirimh 1881 agus 1891 de bharr na n-easnamh páipéir le linn Chogadh 1914-18. As na daonáirimh ón tréimhse sular baineadh saoirse amach níl ach na tuairisceáin ó dhaonáirimh 1901 agus 1911 iomlán inniu.

Rinneadh daonáirimh 1901 agus 1911 faoi reachtaíocht nach ndearnadh aon fhoráil do rúndacht na faisnéise a taifeadadh orthu. Cuireadh iad sin ar fáil mar thaifid phoiblí i 1961 bealach barántais a rinne an tAire Dlí agus Cirt faoin Public Records (Ireland) Act, 1867. Is iad na taifid is rialta iad a úsáidtear sa Dánlann Náisiúnta (naisc go Dánlann Náisiúnta as béarla) le haghaidh taighde ginealaigh.

Leis an úsáid fhairsing a bhaintear as taifid dhaonáirimh 1901 agus 1911 agus leis an gcaoi inar ghlac an pobal leis na torthaí a bheith ar fáil i ndiaidh 50-60 bliain spreagadh go n-áireofaí foráil san Acht Staidrimh, 1993, a cheadaíonn tuairisceáin daonáirimh a chur ar fáil mar thaifid phoiblí 100 bliain i ndiaidh an daonáirimh iomchuí.

Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an Chartlann Náisiúnta taifid dhaonáireamh 1926 a oscailt don phobal sa bhliain 2026. Faoin tráth sin beidh gach duine, nach mór, de na daoine a clúdaíodh i ndaonáireamh 1926 marbh. Cé go raibh éileamh ar thréimhse níos gaire ann measadh go raibh 100 bliain riachtanach chun spiorad na rúndachta a ghealltar d'fhreagraithe a chomhall.