Skip navigation

Dáta 
1841Ba é an cheád mhór-dhaonáireamh, inar baineadh úsáid as foirm teaghlaigh, ná Mór-Dhaonáireamh 1841 mar a tugadh air.
  
1911Rinneadh Daonáireamh gach deich mbliana ina dhiaidh sin suas go dtí 1911.
  
1926Rinneadh an chéad daonáireamh i ndiaidh bhunú an Stáit sa bhliain 1926.
  
1936-46Leanadh de sin le Daonáireamh 1936 agus Daonáireamh 1946.
  
1951Ó Dhaonáireamh 1951 i leith, tá daonáirimh déanta gach cúig bliana.
  
1976Cuireadh an daonáireamh a bhí beartaithe le haghaidh 1976 ar ceal ag céim dhéanach mar bheart eacnamaíochta Rialtais.
  
1979Leis an ngá le figiúirí daonra cothrom le dáta, áfach, rinneadh daonáireamh a chur ar bun go speisialta i 1979 le líon teoranta ceisteanna.
  
1981

Lean daonáireamh iomlán é sin sa bhliain 1981.

Is ceart go luafaí Éire i Leabhar Curiarrachtaí Guinness i ngeall ar 2 dhaonáireamh a bheith aici laistigh de thréimhse 24 mí!

  
2001Bhí Daonáireamh 2002 le déanamh i dtosach báire le linn mhí Aibreáin 2001. Cuireadh Daonáireamh 2001 ar athló, áfach, mar gheall ar an ngalar crúibe is béil an tráth sin.
  
2002Rinneadh an daonáireamh is déanaí sa bhliain 2002.