Skip navigation

Beidh an Daonáireamh ann oíche Dé Domhnaigh, an 23 Aibreán 2006. An oíche sin, déanfar gach duine atá sa tír a áireamh i bhfoirm Daonáirimh, lena n-áirítear daoine atá ag fanacht go sealadach i dteaghlach, daoine i mbunaíochtaí comhchoiteanna agus daoine ar bord árthach.

Déanfar na foirmeacha a sheachadadh le linn na 4 seachtaine roimh Lá an Daonáirimh agus déanfar iad a bhailiú le linn na 4 seachtaine i ndiaidh an Daonáirimh.

Déanann Áiritheoirí Daonáirimh na foirmeacha a sheachadadh agus a bhailiú. Beidh cárta aitheantais oifigiúil acu agus beidh siad sásta cabhrú leat i dtaca le haon deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith agat.

Foilsiú na dtorthaí:

Déanfar réamhthorthaí Dhaonáireamh 2006 a fhoilsiú laistigh de 3 mhí ó Lá an Daonáirimh. Déanfar torthaí uile Dhaonáireamh 2006 a chur ar fáil laistigh de dhá bhliain ó Lá an Daonáirimh.