Back to Top

How is the CSO doing?

Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.

 Skip navigation

Bliainiris Staidrimh Éireann 2007

Bliainiris Staidrimh Éireann 2007 á foilsiú inniu ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS). Tugann an Bhliainiris léargas cuimsitheach dúinn ar Éirinn an lae inniu. Cuireann sí mioneolas, táblaí agus graif a bhaineann le réimse leathan topaicí ar fáil lena n-áirítear an daonra, an lucht oibre, oideachas, coiriúlacht, an eacnamaíocht, talmhaíocht, tionsclaíocht, seirbhísí, praghsanna, tithíocht, an geilleagar eolasbhunaithe agus an comhshaol.

 

Daoine

 

  • Áiríodh 4,239,848 duine ar oíche an daonáirimh 23 Aibreán 2006, i gcomparáid le 3,917,203 in Aibreán 2002. Méadú 8.2% i gceithre bliana.
  • Tá an ráta báis ag titim i gcónaí. Bá é líon na mbásanna as gach míle i 2006 6.5.
  • Ba iad Séan agus Sarah na hainmneacha ba mhó dar tugadh ar leanaí.
  • I 2005, bhí beagnach 19% den daonra i mbaol bochtanais agus measadh go raibh fadhb leanúnach bhochtanais ag 7%.

Obair

 

  • Ó 1986 go dtí 2006 mhéadaigh líon na ndaoine atá fostaithe ó beagnach 1.1 milliún go dtí níos mó ná 2 mhilliún.
  • Sa tréimshe chéanna, thit líon na ndaoine dífhostaithe ó 225,500 go 91,400.
  • I 2006 cailleadh níos mó ná 7,352 lá de bharr 10 n-aighneas thionsclaíocha.

Suirbhé Ráithiúil Náisiúnta Teaghlaigh

 

  • Ba é 55% an ráta clúdaigh pinsin do gach duine idir 20 agus 69 a bhí fostaithe sa cheathrú ráithe de 2005. Lean oibrithe fear (58.3%) le ráta clúdaigh pinsin níos airde a bheith acu ná oibrithe ban (50.6%).
  • Dúirt siad siúd a raibh cuntas SSIA acu go gcaithfidís díreach faoi bhun trian dá gcuid airgid SSIA ar earraí tomhaltóra deisithe tí, saoire thar lear, gluaisteáin agus nithe eile.
  • Do gach teaghlach ba é an meánchostas a bhí ar chúram páistísa chéad ráithe de 2005 beagán sa bhreis ar €120 in aghaidh na seachtaine.
  • Tuairiscigh nach mór 1.3 teaghlach (88.7%) go ndearna siad athchúrsáil ar roinnt dá gcuid dramhaíola sa tríú ráithe de 2005.

Oideachas

 

  • I 2006, bhí cáilíocht tríú leibhéal ag beagnach ceathrú dóibh siúd a bhí idir 15 agus 64.
  • Mná ab ea 60% d'iontrálaithe nua in institiúidí ÚAO agus mná ab ea 54% de na hiontrálaithe nua in gach institiúid tríú leibhéal i 2005/2006.
  • Ag aois 19, bhí 62% de mhná agus 45% d'fhir in oideachas lánaimseartha i 2005/2006.

Coiriúlacht

 

  • Bhí 103,924 cion ar na ceannlínte i 2006, suas ó 102,258 i 2005.
  • Rugadh ar 17,868 ag ól agus ag tiomáint i 2006. Sheas seo d'ardú beagnach 34% ar fhigiúirí 2005.
  • Bhí 14.6% de theaghlaigh ina n-íospartaigh choiriúlachta i gceantair uirbeacha i gcomparáid le 6.3% de theaghlaigh i gceantair thuaithe.

Eacnamaíocht

 

  • Mar chéatadán de OTI thit an Fiachas Náisiúnta ó 87.7% i 1990 go dtí 20.4% i 2005.
  • Méadaíodh iasachtaí faoi níos mó ná trí ó insititúidí creidmheasa don earnáil phearsanta (teaghlaigh,phríobháideacha) ó €39 billiún i 2000 go dtí €134 billiún i 2006.
  • Bhí barrachas €5,031 milliún i 2006 i gcomparáid le barrachas €1,627 milliún i 2005 i gComhardú RialtaismGhinearálta.

Turasóireacht/Iompar

 

  • Tháinig méadú níos mó ná 10% ar chuairteanna iasachta ar Éirinn ó 2005 agus méadú 12% ar chuairteannna na nÉireannach ar thíortha thar lear.
  • Tá méadú 2% ar thurais intíre ag na hÉireannnaigh 2005 ar lean méadú 20% ar chaiteachas dá bharr.
  • Tháinig méadú 4.2% ar na gluaisteáin nua phríobháideacha a ceadúnaíodh den chéad uair i 2006 i gcomparáid le 2005.
  • I 2005 cuireadh 137,500 triail tiomána ar siúl, agus d'éirigh 54% díobh seo pas a fháil.

Tithíocht

 

  • Tháinig méadú faoi dhó, nó níos mó, ar luach aschur iomlán na tógála ar phraghsanna reatha idir 2000 agus 2006.
  • Ba é an meánphraghas ar thithe nua ar ceadaíodh iasachtaí dóibh i 2006 ná €305,637 don Stát agus €405,957 i mBaile Átha Cliath.
  • Tháinig laghdú 19% ar na hiarratais ar chead pleanála a ceadaíodh ó 2000 go dtí 2006. Sa tréimhse chéanna, tháinig méadú 8% ar iarratais ar chead pleanála a ceadaíodh le haghaidh árasán nua.
  • An grúpa úinéireachta is tapúla dá bhfuil ag fás ná teaghlaigh don duine aonair, suas 51,877 nó 18.7% ó 2002.

 

Geilleagar Eolasbhunaithe

 

  • Bhí beagnach a leath (48.7%) de theaghlaigh na hÉireann ceangailte leis an idirlíon le ríomhairí baile i mí Feabhra 2006. Ní raibh an ceangal leathanbhanda ach ag 13% díobh.
  • Bhí 103 guthán póca do gach 100 duine sa tír sa dara ráithe de 2006.

 

Is mian leis a POS a buíochas a ghabháil leis na Roinn, na gníomhaireachtaí, agus leis na daoine a thug na sonraí don Bhliainiris, lena n-áirítear iad siúd i dTuaisceart na hÉireann a chuir ábhar don Aguisín ar fáil.

Tá téacs iomlán na Bliainirise Staidrimh ar fáil saor in aisce ar shuíomh idirlín an POS ag:

http://www.cso.ie/releasespublications/statistical_yearbook_ireland_2007.htm

Is féidir Bliainiris 2007 a fháil ó:

An Phríomh-Oifig Staidrimh, An Rannóg Eolais, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh
Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Atha Cliath 2

Nó ó aon díoltóir leabhar

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Eamonn Dorney (021 - 4535036) Facs 021 4535555 r-phost:

information@cso.ie


- CRÍOCH -