Skip navigation

CSO Surveys logo

Tá na staitisticí a fhoilsímid maidir le hÉireann neamhspleách agus iontaofa – toisc gur inis sibh dúinn iad

Leis an eolas a thugann sibh dúinn, is féidir leis an Oifig léargas an-chruinn a fháil ar an saol in Éirinn sa lá atá inniu ann – ár saolta, ár ngeilleagar, ár sláinte agus ár bhfolláine.

Céard é an Suirbhé Comhshaoil?

Suirbhé samplach atá sa Suirbhé Comhshaoil faoin gcaoi a gcaitheann líonta tí ar fud an stáit leis an gcomhshaol. Suirbhé saorálach é, á reáchtáil faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.

Leis an suirbhé náisiúnta seo ar líonta tí, faighimid léargas cruinn ar a thábhachtaí is atá an comhshaol do chineálacha éagsúla líon tí agus an tionchar a bhíonn ag líonta tí ar an gcomhshaol. Beifear in ann an t-eolas seo a úsáid chun féachaint chuige go mbeidh na buntáistí céanna ón nádúr a bhaineann daoine leas astu sa lá inniu fós ar fáil do gach duine sa todhchaí.

Le linn an tsuirbhé, cuirfear ceisteanna ar fhreagróirí maidir lena dtuairimí ar shaincheisteanna comhshaoil agus an taitneamh a mbaineann siad as a bheith amuigh faoin aeir agus i measc an nádúir. Iarrfar ceisteanna chomh maith faoi shocruithe dramhaíola agus athchúrsála an líon tí mar aon le bearta a ghlactar chun ídiú fuinnimh an líon tí agus tionchar an ídithe sin a laghdú.

Na staitisticí a tháirgimid, úsáideann daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta iad chun cinntí beartais a ghlacadh agus chun pleanáil dár dtodhchaí.

Braithimid ar eolas a fhaighimid uaibhse, mar sin má iarrtar ort páirt a ghlacadh sa Suirbhé Comhshaoil, déan amhlaidh.

Tuilleadh eolais faoin Suirbhé Comhshaoil

Maidir le Suirbhéanna CSO