Skip navigation

CSO Surveys logo

Maíonn 83% dínn go bhfuil an tsláinte go maith againn.
Conas a bhfuil an méid seo ar eolas againn? Toisc gur inis sibh dúinn é.

Cuidíonn an t-eolas a fhaighimid go díreach ón bpobal le cinntí beartais a dhéanamh, mar sin má iarrtar ort páirt a ghlacadh i gceann dár suirbhéanna ar líonta tí, déan amhlaidh le do thoil.

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an t-eagras freagrach as staitisticí oifigiúla neamhchlaonta maidir le hÉirinn a bhailiú agus a dháileadh. I dteannta leis an Daonáireamh, cuirimid suirbhéanna ginearálta agus sainiúla ar bhonn rialta ar líonta tí agus ar dhaoine aonair.

Cuireann agallóirí CSO suirbhé ar níos mó ná 3,000 líon tí in aghaidh na seachtaine, ó thús deireadh na bliana. Labhraíonn siad le daoine agus bailíonn siad eolas ó gach cearn den stáit. Tugann na suirbhéanna seo léargas an-bheacht dúinn ar an gcás geilleagrach agus sóisialta ina bhfuil saoránaigh na hÉireann, ar bhealach agus ag leibhéal cruinnis nach féidir le haon dream eile a fháil.

Trí eolas a tabhairt dúinn, cuidíonn daoine fud fad na hÉireann linn an fhostaíocht agus an dífhostaíocht a thomhais go cruinn; meastacháin ráithiúla an lucht saothair a chur ar fáil; réimse de tháscairí lárnacha náisiúnta faoin mbochtaineacht a sholáthar, amhail an ‘ráta i mbaol bochtaineachta’ agus an ‘ráta díothachta forghníomhaí’; ioncam agus caiteachas a thomhais agus sonraí ar ábhair shóisialta a fhoilsiú. Tá a leithéid d’eolas ríthábhachtach do chinnteoireacht beartais, rud a imríonn tionchar orainn go léir.

Cad is fiú páirt a ghlacadh i Suirbhéanna CSO?

Tá sé an-tábhachtach go nglactar páirt inár suirbhéanna toisc go bhfaighimid ár gcuid fíricí go léir go díreach uait agus ó bhaill eile den phobal. Mar sin, nuair a dhéanaimid tagairt d’fhigiúirí is féidir braith air go bhfuil siad cruinn, toisc gur inis sibh dúinn.

Cé a úsáideann na torthaí?

Baineann go leor dreamanna éagsúla úsáid as na torthaí a fhoilsímid, lena n-áirítear daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas.  Trí torthaí a úsáid, tá sé ar chumas na grúpaí seo cinntí beartais a dhéanamh agus pleanáil do thodhchaí gach duine in Éirinn.

An bhfuil m'eolas pearsanta faoi rún?

Tá, go iomlán. Faoin Acht Staidrimh, 1993, leagtar caighdeáin dianrúndachta agus cosanta sonraí ar an Oifig: ní féidir faisnéis bailithe a úsáid ach chun críocha staidrimh amháin agus tá bac iomlán ar shonraí a d'fhéadfaí a cheangal le duine nó gnó ar leith a thabhairt d'aon roinn rialtais nó oifig stáit. Ciallaíonn sé sin nach ligfimid do shonraí pearsanta le haon dream eile, fiú más eagras stáit iad. Riamh.

Mar sin, má iarrtar ort páirt a ghlacadh i gceann dár suirbhéanna, bí ar do shuaimhneas gur an-tábhachtach dúinn gach rud a insíonn tú dúinn agus go bhfuil an méid seo faoi rún daingean.

  • Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála [en]
  • Suirbhé ar an Lucht Saothair [en]
  • Suirbhé ar Oideachas Aosach