Skip navigation

Cé go bhfuil sé daingnithe le dlí tá sé riachtanach go mbeadh freagróirí ar fhiosrúcháin staitistiúla (agus na daoine nó gnóthais a mbeidh faisnéis staitistiúil bailithe futhu bailithe ó fhoinsí riaracháin) deimhnithe go hiomlán go gcosnaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) rúndacht na sonraí a bhaineann leo agus nach n-úsáidtear iad ach chun críocha staitistiúla. Mura mbeadh daoine cinnte dearfa go gcoimeádtar dearbhuithe rúndachta is beag seans go mbeadh freagra ard ón bpobal ná ó ghnóthais ar fhiosrúcháin na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

Tá cáil ar an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le fada an lá go dtugann sí cosaint don fhaisnéis a bhailíonn sí. Tá imní maidir le cosaint sonraí, mar sin féin, ag méadú agus tá sé ríthábhachtach go gcoimeádann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) muinín gach earnáil den phobal sa chomhthéacs seo. Tá an Cód Cleachtais ann chun deimhniúcháin atá ann cheana a láidriú.