Cód Cleachtais maidir le Rúndacht Staitisticiúil
Cosaint Reachtúil
Feidhmíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoi fhorálacha an Achta Staidrimh 1993. Treisíonn agus leanann sé seo forálacha rúndachta na reachtaíochta staidrimh a bhí ann cheana agus gearrann sé pionóis troma ar mhí-úsáid na faisnéise bailithe ag an Oifig.
Forálann an tAcht go docht go mbeidh gach faisnéis bailithe ag an Oifig:
-
úsáidte ar mhaithe le staidrimh a chur le chéile agus chun críche anailíse amháin;
- nach mbeidh sé scaipthe, taispeánta nó curtha in iúl do dhuine nó udarás ar bith eile i bhfoirm a bheifear in ann é a nascadh le duine inaitheanta nó le gnóthas ach amháin:
- le toiliú scríofa an duine nó an ghnóthais sin nó ionadaí pearsanta nó neasghaol duine caillte;
- chun críocha ionchúiseamh i leith cionta faoin Acht;
- d'Oifigigh Staitisticí i gcúrsa a ndualgas faoin Acht;
- ar mhaithe le faisnéis den chineál sin a thaifead (ar mhicrifís, ar mheán leictreonach, etc) d'úsáid na b Príomh-Oifig Staidrimh (CSO) amháin faoi chonradh a thugann cosaint dá rúndacht;
- i bhfoirmeacha na gcód a rangaíonn gnóthais liostáilte i gcórais riaracháin údarás poiblí eile isteach i ranganna méide agus gníomhaíochta eacnamaíochta (daoine gafa) chun críocha staidrimh.
Go heisceachtúil, forálann Acht 1993 go mbeidh foirmeacha comhlánaithe i nDaonáireamh tógtha ó 1926 inrochtana go poiblí céad bliain i ndiaidh na nDaonáireamh i gceist. Beidh na foirmeacha seo an-úsáideach chun críche géineolaíochta agus taighde sóisialta. Tá na foirmeacha ó Dhaonáirimh 1901 agus 1911 - a tógadh sular bunaíodh an Stát - ar fáil ag an bpobal cheana féin sa Chartlann Náisiúnta.
Tá na forálacha cosanta staitistiúla reachtúla seo sa bhreis ar:
- oibleagáidí fhoireann na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoin Acht um Rúin Oifigiúla 1963 gan cumarsáid neamhúdaraithe a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, faoi nithe a fhaigheann siad amach agus a ndualgais oifigiúla á chomhlíonadh acu.
- oibleagáidí na bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoin Acht um Chosaint Sonraí 1988 maidir le sonraí pearsanta a láimhseáil.