Skip navigation

Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) réimse leathan staitisticí le chéile chun riachtanais náisiúnta (i.e. Rialtas, gnó, taighdeoirí, pobal ginearálta, etc.) agus an AE chomh maith le riachtanais idirnáisiúnta eile a chomhlíonadh.

Tá formhór na staitisticí a bhailítear éigeantach anois faoi reachtaíocht Staidrimh an AE. Bailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) formhór na faisnéise a theastaíonn chun na gcríoch seo go díreach ó theaghlaigh agus ó ghnóthaí. Bailítear an fhaisnéis go ginearálta ar bhonn samplach chun an t-ualach a bhaineann le staitisticí a thuairisciú a laghdú don phobal. Caithfidh na samplaí a úsáidtear don chríoch seo a bheith ionadaíoch agus teastaíonn leibhéal ard freagraí chun go mbeidh na torthaí a fhaightear cruinn agus iontaofa.