Tá formhór na bhfiosrúchán a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) deonach. Cé nach bhfuil aon cheangal faoin dlí ar an bpobal comhoibriú leis na fiosrúcháin seo, bíonn freagra an phobail ard go hiondúil.
Do roinnt de na fiosrúcháin chriticiúla, i réimse na staitisticí gnó go príomha, déanann an Taoiseach Ordú Staidrimh faoi Alt 25 den Acht Staidrimh, 1993 ag ceangal ar dhaoine nó ar ghnóthais faisnéis áirithe a sholáthar don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá rannpáirtíocht éigeantach sna fiosrúcháin reachtúla seo faoi dhlí. Tá na fiosrúcháin reatha reachtúla agus na hOrduithe Seasta a bhaineann leo leagtha amach sa tábla thíos.
Fiosrúcháin Staitisteacha Reachtúla | Orduithe Seasta |
Áireamh Seirbhísí 1988 | I.R. Uimh. 31 de 1988: Ordú (Áireamh Seirbhísí) Staidrimh, 1988 |
Áireamh Dáileacháin 1997 | I.R. Uimh. 101 de 1978: Ordú (Áireamh Dáileacháin) Staidrimh, 1978 |
Áireamh Bliantúil den Tógáil Foirgnimh | I.R. Uimh. 321 de 2000: Ordú (Áireamh um Thógáil Foirgnimh) Staidrimh, 2000 |
Áireamh Bliantúil den Táirgeacht Tionscail | I.R. Uimh. 9 de 2003: Ordú (Áireamh Tháirgeacht Tionscail) Staidrimh, 2003 |
Fiosrúchán Bliantúil Prodcom | I.R. Uimh. 122 de 2003: Ordú (Suirbhé ar Tháirgeacht Tráchtearraí Tionscail) Staidrimh, 2003 |
Fiosrúcháin Bhliantúla Seirbhíse | I.R. Uimh. 40 de 2003: Ordú (Fiosrúcháin Seirbhíse) Staidrimh, 2003 |
Fiosrúchán Cláir Ghnó | I.R. Uimh. 67 de 2001: Ordú (Clár Gnó) Staidrimh, 2001 |
Áireamh Talmhaíochta | I.R. Uimh. 132 de 2001: Ordú (Áireamh Talmhaíochta) Staidrimh, 2001 |
Daonáireamh | I.R. Uimh. 491 de 2001: Ordú (Daonáireamh) Staidrimh, 2001 |
Suirbhé ar Costais Saothair | I.R. Uimh. 111 de 2001: Ordú (Costais Saothair i dTionscal agus Seirbhísí) Staidrimh, 2001 |
Staitisticí Trádála Míosúla Saorchrios na Sionainne | I.R. Uimh. 330 de 1999: Ordú (Staitisticí Trádála (Aerfort Saor na Sionainne)) Staidrimh, 1999 |
Suirbhé Náisiúnta Fostaíochta | I.R. Uimh. 39 de 2003: Ordú (Suirbhé Náisiúnta Fostaíochta ) Staidrimh, 2003 |
Suirbhé Náisiúnta um Áitribh Chóiríochta | I.R. Uimh. 239 de 2000: Ordú (Turasóireacht) Staidrimh, 2000 |
Suirbhéanna Ráithiúla um Chomhardú na nÍocaíochtaí | I.R. Uimh. 542 de 2001: Ordú (Comhardú na nÍocaíochtaí) Staidrimh, 2001 |
Fiosrúchán Ráithiúil um Infheistíocht Chaipitil agus Stoic | I.R. Uimh. 191 de 2001: Ordú (Cuntais Ghnó) Staidrimh, 20 |
Fiosrúchán um Lasta Bóthair | I.R. Uimh. 465 de 2002: Ordú (Lasta Bóthair) Staidrimh, 2002 |
Staitisticí um Thrácht Calafoirt | I.R. Uimh. 501 de 2001: Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i ndáil le hIompar Earraí agus Paisinéirí ar an bhFarraige) 2001 |
Praghsanna Mórdhíola | I.R. Uimh. 483 de 2001: Ordú (Praghsanna Aschuir) Staidrimh, 2001 |
› go barr