" /> Back to Top

How is the CSO doing?

Your feedback can help us improve and enhance our services to the public. Tell us what matters to you in our online Customer Satisfaction Survey.

 Skip navigation

Tá an Suirbhé ar Chothromaíocht Inscne i Réimse an Ghnó seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu, Dé Céadaoin an 20 Feabhra 2019. Tá an suirbhé á reáchtáil den chéad uair i mbliana agus soláthrófar staitisticí tagarmhairc as maidir le staid reatha an ionadaíocht inscne i bhfoirne feidhmiúcháin sinsearacha agus ar bhoird stiúrthóirí in Éirinn.

Tá an suirbhé seo curtha chuig gnólachtaí móra (.i. cinn ina bhfuil os cionn 250 fostaí) agus tacaithe ag an Tionscnamh um Chothromaíocht Níos Fearr i gcomhair Gnó Níos Fearr (BB4BB) a sheol an rialtas mí Iúil 2018.

Dhear an Oifig an suirbhé seo tar éis comhráití le páirtithe leasmhara agus tógadh a n-aiseolas san áireamh sa cheistneoir deireanach, ceistneoir atá soiléir achomair agus lena leagtar an t-ualach is lú ar ghnólachtaí é a fhreagairt.

Tá sé beartaithe an suirbhé a reáchtáil gach ré bliain as seo amach ionas go mbeidh sraith sonraí thar tréimhse ama ann de mhiondealú forbairt gairmeacha don dá ghnéas mar aon leis an dul chun cinn i gcothromaíocht inscne a bhaint amach i measc foirne feidhmiúcháin sinsearacha agus boird stiúrthóirí.

Foilseofar torthaí as eagrán 2019 an tsuirbhé i Ráithe 2 2019, lena n-áirítear miondealaithe ar líon na bhfear agus na mban i bpoist feidhmiúcháin sinsearacha agus ar bhoird cuideachta, mar aon le miondealaithe de réir earnáil gnó agus fad seirbhíse.