Conas Comhad PDF a íoschóipeáil
Tá go leor brabhsálaithe Idirlín in ann comhaid PDF a íoschóipeáil agus iad a lódáil go huathoibríoch ar fhuinneog an bhrabhsálaí. Ní léiríonn roinnt brabhsálaithe go bhfuil an íoschóipeáil á déanamh, b’fhéidir go mbeadh ort fanacht mar sin go mbeidh an comhad íoschóipeáilte.
Má íoschóipeálann tú comhad PDF atá folamh
Tá roinnt cúiseanna go mbíonn comhad PDF folamh.
Tógann sé tamall ar chomhaid mhóra íoschóipeáil, agus ní osclaíonn siad go mbíonn an íoschóipeáil críochnaithe. Má tá an comhad .PDF mór (os cionn 500KB) nó má tá sé an-fhada ag íoschóipeáil b’fhearr ceann de na teicnící thíos a úsáid.
Internet Explorer 4.0 nó níos sine
Netscape Navigator 3.x nó níos sine
Navigator 3.x do Window nó MacOS
- Brúigh File>Open File
Navigator 4.x do Window
- Brúigh File>Open Page
- Ansin cliceáil ar Choose File
Navigator 4.x do MacOS
- Roghnaigh File> Open> Page in Navigator.
Navigator do Windows
Ba chóir go n-osclódh Acrobat viewer an comhad PDF taobh istigh d’fhuinneog an bhrabhsálaí.
Nóta
An chéad uair eile a roghnaíonn tú nasc chuig comhad PDF in Internet Explorer nó AOL, iarrfaidh bosca dialóige ort a shonrú céard ba mhaith leat a dhéanamh leis an gcomhad.
Má roghnaíonn tú Open this file from its current location, osclóidh do bhrabhsálaí an comhad PDF i bhfuinneog Acrobat eile. Beidh ort dul ar ais ag fuinneog an bhrabhsálaí chun míreanna eile a fháil ar an Idirlíon.
Má roghnaíonn tú Save this file to disk, sábhálfaidh do bhrabhsálaí an comhad PDF ar an gcruadhiosca, agus beidh tú in ann é a oscailt níos déanaí anseo.