02 Bealtaine 2017
Breathnaigh ar an eisiúint: Tuilleamh Stairiúil [EN]
Tá tuarascáil foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (2 Bealtaine 2017) dírithe ar Thuilleamh Stairiúil sa tréimhse 1938 - 2015.
Tá staitisticí tuillimh á dtáirgeadh in Éirinn ó bhlianta tosaigh na 20ú hAoise, iad foilsithe in Irisleabhar Trádála agus Feasachán Staitisteadhachta na hÉireann. Foilsíodh figiúirí ar an meántuilleamh san earnáil Tionsclaíochta i gcoitinne den chéad uair i 1938.
Dhírigh na staitisticí seo ar fhostaithe tionsclaíocha san earnáil Tionsclaíochta, an earnáil ina raibh móramh na fostaíochta neamhthalmhaíochta ag an am. Ó shin i leith, táthar tar éis an réimse sonraí a fhoilsítear a leathnú amach chun tuilleadh chatagóirí gairme agus earnála a chlúdach.
Ag tagairt don tuarascáil, deir Brian Cahill, Staitisteoir, “Cuireann an foilseachán seo le hábhair staidrimh a foilsíodh roimhe seo, é mar sraith chuimsitheach de staitisticí tuillimh le linn an tréimhse 1938 go 2015. Tugtar léargas sa tsraith seo ar na forbairtí atá tagtha ar thuilleamh ón staid ina raibh sé roimh an Dara Chogadh Domhanda go dtí staid an lae inniu.”
“Cuirtear staitisticí i láthair de réir fíorluacha, bunaithe ar phraghsanna 2015, agus de réir luach ainmniúil chun cumhacht ceannaigh an tuillimh le linn na blianta a léiriú agus ionas go bhféidir le húsáideoirí tuilleamh stairiúil a cheangal le tuilleamh reatha.
“Is í ár gcuspóir leis an bhfoilseachán Tuillimh Stairiúil ná sonraí meántuillimh atá ann a chur i dtoll a chéile i sraith chomh intuigthe agus gurb fhéidir a tháirgeadh. Moltar aire a thabhairt agus léamh á dhéanamh ar na sonraí seo óir gur baineadh úsáid as modheolaíochtaí, sainmhínithe, catagóirí earnála agus catagóirí gairme éagsúla sna suirbhéireachtaí a reáchtáladh i rith an tréimhse 77 mbliana lena mbaineann.”
Is féidir an foilseachán iomlán ‘Tuilleamh Stairiúil 1938-2015’ a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na hOifige agus tá sonraí breise ar fáil ónár seirbhís scaipthe StatBank
Brian Cahill (+353) 21 453 5173 nó Gerry Brett (+353) 21 453 5513
nó seol ríomhphost chuig earnings@cso.ie
-- CRÍOCH --