Skip navigation

Cé a bhaineann úsáid as na Cuntais Náisiúnta?

Tugann na cuntais náisiúnta le chéile i gcreatlach amháin gnéithe éagsúla an gheilleagair. Baineann lucht déanta polasaí, lucht anailíse agus taighdeoirí úsáid astu le scrúdú a dhéanamh ar cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an ngeilleagar. Ós rud é go bhfuil forbairt déanta orthu de réir caighdeán idirnáisiúnta, is féidir iad a úsáid le hÉire a chur i gcomparáid le tíortha eile.

Le blianta beaga anuas tá úsáid tábhachtach eile á bhaint astu ar mhaithe le cúrsaí riaracháin taobh istigh den AE. Mar shampla, tá ranníocaíochtaí na hÉireann le buiséad an AE bunaithe go pointe áirid ar leibhéil OTN. Baineadh úsáid freisin as figiúirí OTI le hintofacht na hÉireann le bheith páirteach san aontas airgeadaíochta Eorpach a mheas mar bhunús do thomhasanna ar easnamh agus fiachas rialtais mar chéatadáin den OTI.