Skip navigation

Níl sé praiticiúil i gcónaí don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) réimse iomlán na faisnéise agus anailíse ar fáil ó fhiosrúcháin staitisticí a fhoilsiú. B’fhéidir dá bhrí sin nach gcomhlíonfadh tuarascálacha agus scaoileadh foilsithe riachtanais speisialtóra roinnt úsáideoirí. Chun na riachtanais seo a chomhlíonadh cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar fáil, ar bhonn táille, anailís agus sraith speisialta d’úsáideoirí deartha chun dul in oiriúint dá riachtanais féin. Is féidir socruithe a dhéanamh freisin inar féidir leis an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) cláir ríomhairí á reáchtáil ag úsáideoirí speisialta a rith ar chomhaid sonraí ríomhairí ar bhealach a choimeádann rúndacht na dtaifead ar leith. Chun breis faisnéise a fháil téigh i dteagmháil le Rannóg na Faisnéise.