Skip navigation

Fill ar an Leathanach Nuacht is Déanaí

 

19 Iúil 2006

Inniu a fhoilsítear Réamhthuairisc Dhaonáirimh 2006.
Leagann an tuairisc seo síos líon na bhfear agus na mban i ngach Dáil Cheantair agus i ngach Toghroinn cheantair. Tá na réamh fhigiúirí seo bunaithe ar achoimirí daonra a chuir na háiritheoirí Daonáirimh le chéile.
Foilseófar fíor thorthaí daonra, bunaithe ar na Foirmeacha Daonáirimh scanáilte, idir mí an Aibreáin agus mí na Nollag 2007. Foilseófar réimse iomlán torthaí an daonáirimh i sraith imleabhar ábhair a chuirfear ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.

Preas Ráitis - Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2006

Réamhthuairisc Dhaonáirmh 2006

 

1 Meitheamh 2006

Míle buíochas le gach duine as páirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2006. Tá beagnach 1.5 milliún Foirmeacha Daonáirimh comhlánaithe á dtabhairt ar ais chuig príomhoifig an Daonáirimh i Sord, Co átha Cliath, áit a bhfuil an obair phroiseála á dhéanamh.

Ar an 19 Iúil 2006 foilseófar Réamhthorthaí an Daonáirimh 2006, a leagann síos líon na bhfear agus na mban i ngach Toghroinn Cheantair. Tá na réamhfhigiúirí seo bunaithe ar achoimirí atá curtha le chéile ag áiritheoirí Daonáirimh.
Foilseófar fíor thorthaí daonra, bunaithe ar na Foirmeacha Daonáirimh scanáilte, idir mí an Aibreáin agus mí na Nollag 2007. Foilseófar réimse iomlán torthaí an daonáirimh i sraith imleabhar ábhair a chuirfear ar fáil ag an am céanna ar shuíomh idirlín na POS.

 

4 Bealtaine 2006

Cuireadh tús le bailiúchán na bhFoirmeacha Daonáirimh chomhlánaithe ar an Luan 24 Aibreán agus leanfar leis suas go dtí Dé Luain 22 Bealtaine.
Tá tuairim an tríú chuid de na foirmeacha comhlánaithe (500,000) bailithe faoin am seo.
Ba mhaith linn iarraidh ar aon duine nach bhfuil a fhoirm bailithe go dtí seo comhoibriú leis an áiritheoir áitiúil mar seo a leanas:

  • an fhoirm chomhlánaithe a choinneáil slán sábhailte agus ar fáil go héasca go dtí go dtagann an táiritheoir áitiúil chun í a bhailiú
  • glaoch/téacs a chur chuig an áiritheoir le am feiliúnach leis an bhfoirm a bhailiú a shocrú más rud é nach raibh tú ann nuair a tháinig sé/sí agus má d'fhág sé/sí cárta le rá gur ghlaoigh sé/sí
  • an doras a fhreagairt nuair a thagann an táiritheoir.

Beidh foireann oibre ar fáil ag an líne chabhrach (1890 236 787) ó Luan go hAoine: 9r.n. go dtí 5.30 i.n.
Tugaigí tacaíocht le bhur dtoil don áiritheoir áitiúil agus bígí san áireamh!

 

19 Aibreán 2006

Tá áiritheoirí an Daonáirimh an-ghnóthach le deireanas ag seachadadh Foirmeacha an Daonáirimh ar gach teaghlach sa tír le 3 seachtainí anuas.
Faoin am seo beidh foirmeacha daonáirimh faighte ag formhór na dteaghlach.
Tabharfar cuireadh ar fhógraí raidió, idir an 19 agus 21 Aibreán, do gach duine nach bhfuil foirm dhaonáirimh faighte aige / aici fós teagmháil a dhéanamh linn. Ar an gcaoi sin déanfar socrú go gcuirfidh an táiritheoir Daonáirimh áitiúil foirm ar fáil duit.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn le Foirm Dhaonáirimh a fháil tríd an suíomh idirlín agus an Líne Chabhrach Daonáirimh. Beidh deis ann foirm dhaonáirimh a iarraidh tríd an suíomh idirlín ar feadh deireadh seachtaine an daonáirimh agus don chuid is mó den tseachtain dár gcionn. Beidh foireann ar fáil ar an Líne Chabhrach Daonáirimh

(1890 236 787) le glaochanna a fhreagairt mar seo a leanas:

Luan go hAoine : 8 r.n. go 8 i.n.
Dé Sathairn 22 Aibreán 9 r.n. go 8 i.n.
Dé Domhnaigh 23 Aibreán 9 r.n. go 6 i.n.

 

29 Márta 2006

Inniu a sheol an Taoiseach an obair cheantair do Dhaonáireamh 2006.
Sna seachtainí amach romhainn, beidh 4,400 áiritheoirí Daonáirimh ag dul i dteagmháil le teaghlaigh le timpeall 1.5 milliún Foirm Dhaonáirimh a dháileadh ar gach teaghlach ar fud na tíre. Tá Foirmeacha an Daonáirimh le coinneáil go dtí Lá an Daonáirimh, 23 Aibreán agus ní mór gach duine atá i láthair sa teach ar an oíche sin a chur san áireamh ar an bhfoirm.

Preasráiteas - Sheol an Taoiseach an Obair Cheantair

› Óráid a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, T.D. ag Seoladh Daonáirimh 2006 i dTithe an Rialtais.

Cuirfear tús freisin ar an 29 Márta le feachtas poiblíochta leis an bpobal a chur ar an eolas maidir le Daonáireamh 2006.
Is féidir teacht ar an bhfógra raidió don fheachtas poiblíochta sin anseo i bhformáid MP3

Leagan Gaeilge (MP3 2.30KB) (MP3 2,361KB)